Stiofán Ó Cualáin (damhsóir)
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Carna |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Mhuire, Gaillimh |
Áit chónaithe | Carna An Leic |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | múinteoir scoile |
Teangacha | An Ghaeilge |
Múinteoir scoile agus damhsóir ar an sean-nós as Carna ab ea Stiofán Ó Cualáin. Thosaigh sé ag múineadh scoile ar Inis Bearachain sa bhliain 1952, agus mhúin sé damhsa “i ngach scoil ó Leitir Mealláin go Ros a' Mhíl”.[1]
D'fhág sé a cheantar dúchais in 1969 chun cúrsa traenála a dhéanamh i Luimneach, ansin tréimhsí ag múineadh i gClaí Bán i nGaillimh, i Scoil na hAirde Móire, agus ar an gCaiseal mar phríomhoide ar feadh seacht mbliana déag. Chuaigh sé ar scor in 1985.[1]
Bhí sé pósta le Caitlín Ní Dhúbháin as Cill Rícill, agus thógadar naonúr clainne ar an Leic, Leitir Móir, ansin i gCarna féin.
Nasc seachtrach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.