Stephen Ireland
Stephen Ireland | ||
---|---|---|
Eolas pearsanta | ||
Dáta breithe | 22 Lúnasa, 1986 | |
Áit breithe | Corcaigh, Éire | |
Club reatha | ||
Club | Aston Villa | |
Suíomh | 7 | |
Foirne mar imreoir | ||
2002-2005 2005-2010 2010-inniu 2006–2007 |
Cobh Ramblers Manchester City Aston Villa Poblacht na hÉireann | |
Imreoir sacair Éireannach is ea Stephen James Ireland, a rugadh sa Chóbh i gContae Chorcaí ar an 22 Lúnasa, 1985. Bhí sé ag imirt le Cobh Ramblers sular aistrigh sé go Manchester City F.C. agus é cúig bliana déag d'aois. D'imir sé leo ar feadh cúig bhliain ach nuair a tháinig na réaltaí móra díoladh é go Aston Villa sa bhliain 2010 (mar aon le Shay Given). Chuaigh sé ar iasacht go Newcastle United ag tús na bliana 2011. Ag tús an tséasúir 2011-12 bhí sé ar ais ag Aston Villa agus tá an uimhir 7 faighte aige de bhárr imeacht Ashley Young go Manchester United.
Bhí gairmréim an-ghearr ach rathúil le Poblacht na hÉireann, idir 2006 agus 2007. D'imir sé cúig chluiche agus d'aimsigh sé trí chúl. D'fhág sé an fhoireann roimh chluiche tábhachtach in aghaidh Phoblacht na Seice agus tá sé ráite aige nach bhfuil sé ar intinn aige filleadh ar ais.