Stakeknife

Tugann Stakeknife ar ghníomhaire Arm na Breataine ina bhall sinsearach den IRA Sealadach, ó 1978 go dtí na 1990idí. Bh Stakeknife in ainm is a bheith i gceannas ar aonad ‘pionóis’ an IRA (the ' the IRA nutting squad'). Bhí sé mar ghníomhaire an dá thaobh ar feadh 20 bhliain.[3][4][5]
Tá fiosrúchán ar bun ag póilíní sa Bhreatain ó 2016 faoin mbaint a líomhnaítear a bhí ag Stakeknife – agus dá réir sin ag Arm na Breataine – le breis agus leathchéad dúnmharú.[6] Mhaígh teaghlaigh gur theip ar an RUC suas le 18 dúnmharú a fhiosrú chun ról Stakeknife mar spiaire a cheilt.
Frithspiadóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sna hochtóidí cuireadh Stakeknife i gceannas ar aonad slándála an IRA, oibríocht frithspiadóirí na bparaimíleatach. Thuill sé cáil na míthrócaire mar cheannasaí an aonaid sin a mbíodh daoine á bhfuadach, a gciapadh agus á marú acu agus admhálacha nó ‘faoistiní’ á n-eisiúint, i ndiaidh na maruithe, go leor acu bréagach.[7]
Sa bhliain 2003, ainmníodh Freddie Scappaticci[1] as Béal Feirste mar Stakeknife (Greg Harkin sa nuachtán, People, a d’fholisigh an ‘scúp’).[2] D’fhág Scappaticci an Tuaisceart láithreach bonn agus d'éag i dtús mhí Aibreáin 2023 i Sasana.[6] Shéan Scappaticci gurbh eisean Stakeknife ach theith sé in 2003 agus mhair faoi chosaint finné i Sasana idir 2003-2023.. D'éag Scappaticci i dtús mí Aibreáin 2023, in aois 77 dó, agus adhlacadh é faoi rún i Sasana.[8] Fuair sé bás nádúrtha ina leaba, más fíor, pribhléid nár cheadaigh seisean d’an-chuid a frítheadh caite le hais bóithre, púicíní orthu agus piléar i gcúl a gcinn.[9]
Fiosrúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 2016 cuireadh Jon Boucher, iarPhríomh-Chonstábla Bedfordshire i gceannas an fhiosraithe, ‘Fiosrú Kenova’ nó 'Oibríocht Kenova' .[10] [11] Idir 2016-2021, bhailigh foireann Boucher, idir phóilíní agus sibhialtaigh 1,000 ráiteas, na mílte cáipéisí agus breis is milliún foilseán.[12]
Ar 30 Eanáir 2018, gabhadh Scappaticci.[13] Bhí pornagrafaíocht crua, aindleathach, ina sheilbh aige, béistiúlacht go háirithe. Bhí galar dubhach air, nó sin a dúirt sé ag an am. Shéan sé na líomhaintí go léir agus ligeadh saor é.[14]
Tá carn mór tuairiscí curtha faoi bhráid na Seirbhíse Ionchúisimh aige chun go ndéanfar cinneadh faoi chúisimh as coireanna tromchúiseacha, fuadach agus dúnmharuithe san áireamh.[15] Tuairiscíodh in 2022 go raibh seirbhísí rúnda na Breataine ag iarraidh cuid de thuairisc Boucher a cheilt ach go raibh Boucher ag diúltú don bhrú.[4]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 "Freddie Scappaticci" (as en) (2022-11-29). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 Greg Harkin agus Martin Ingram aka Ian Hurst (2012-10-15). "Stakeknife: Britain's Secret Agents in Ireland" (as Béarla). The O'Brien Press.
- ↑ Rory Carroll Ireland correspondent (2023-04-11). "Man suspected of being Stakeknife, Britain’s top spy in IRA, dies" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-04-12.
- ↑ 4.0 4.1 Póilín Ní Chiaráin (4 Eanáir 2023). "Cén bhail a bheidh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ar aghaidh?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-05.
- ↑ "Condolences offered to the families of Stakeknife’s victims after agent’s death" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk. Dáta rochtana: 2023-04-12.
- ↑ 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2023-04-11). "Freddie Scappaticci a dtugtaí 'Stakeknife' air tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (16 Aibreán 2023). "Bás ‘tráthúil’ Freddie Scappaticci" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-16.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-04-11). "Freddie Scappaticci a dtugtaí 'Stakeknife' air tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (16 Aibreán 2023). "Bás ‘tráthúil’ Freddie Scappaticci" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-16.
- ↑ "Home |". www.kenova.co.uk. Dáta rochtana: 2023-01-05.
- ↑ "Operation Kenova |". www.opkenova.co.uk. Dáta rochtana: 2023-01-05.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (16 Aibreán 2023). "Bás ‘tráthúil’ Freddie Scappaticci" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-16.
- ↑ Michael McHugh (2018-01-30). "'Stakeknife' arrested by detectives probing claims of murder, kidnap and torture" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2023-01-05.
- ↑ "Stakeknife: Operation Kenova report into IRA spy due in early 2023" (en-GB). BBC News (2022-10-31). Dáta rochtana: 2023-01-05.
- ↑ "Kenova report set for new year after release protocol finalised |". www.kenova.co.uk. Dáta rochtana: 2023-01-05.