Jump to content

Oibríocht Demetrius

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOibríocht Demetrius
Íomhá
Cineáloibríocht mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOperation Banner (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse9 - 10 Lúnasa 1971
SuíomhTuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí


Ar an 9 Lúnasa 1971, tugadh isteach imtheorannú gan triail i dTuaisceart Éireann. nó sluachampaí géibhinn. Ghabh fórsaí slándála na Breataine na céadta náisiúnaí agus chuireadar i bpríosún sa Cheis Fhada iad gan triail cúirte. Operation DemetriusOibríocht Demetrius (Déiméitrias) a tugadh air, nó an braighdeanas.  

Bhí na mílte ball d'Arm na Breataine ar na sráideanna i ruathar inar tógadh suas le 400 fear Caitliceach agus d'imigh na mílte óna dtithe le himeacht ón fhoréigin[1].

‘Operation Calaba’

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taobh le Demetrius, bhí ‘Operation Calaba’ ann chomh maith. Faoin obráid seo, roghnaíodh grúpa beag de cheathrar fear déag – fir a bhí le bheith ina muca guine agus seirbhísí faisnéise na Breataine ag baint triail as na Cúig Theicníc orthu.[2][3]

'Séard atá sna cúig theicníc ná díth bia agus dí; díth codlata; cochallú;[4] torann bán (nó síorthorann); agus pointe struis ina cuirtear daoine ina seasamh in éadan balla le géaga sínte (nó síorsheasamh)' (buailtí agus turraingí leictreacha chomh maith).

I dtaca leis an chochallú de, rinneadh bagairt ar chuid de na fir go raibh siad le bheith caite amach as ingearán. I roinnt cásanna rinneadh amhlaidh agus an t-ingearán díreach cúpla troigh os cionn na talún.[5]

Tugadh na Fir Cochaill ar an ngrúpa fear a ghabh fórsaí slándála na Breataine i dTuaisceart Éireann i 1971.

Ceastóireacht trom in Abu Ghraib, an Iaráic ,

Cás na ‘bhFear Cochaill’

[cuir in eagar | athraigh foinse]
an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECHR)

Ag deireadh 1971, thóg Poblacht na hÉireann cás thar ceann na bhfear in éadan na Breataine ag an Choimisiún Eorpach um Chearta an Duine.

Ba é seo an chéad uair a thóg stát amháin cás in éadan stát eile ag an Choimisiún.

Mhaígh an Coimisiún ar dtús gurbh ionann na cúig theicníc agus céasadh. Ach rinne rialtas na Breataine achomharc ar an chinneadh.

An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg

Ar an 18 Eanáir 1978, rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) nach céasadh a bhí sa drochíde i dTuaisceart Éireann, ach íde a bhí “mídhaonna & táireach”, de shárú ar Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.[6]

Cf. Éire in aghaidh na Ríochta Aontaithe (1978) 2 EHRR 25[7][8] agus "Ceastóireacht trom".

Bunaíodh an rialú sin ar fhianaise leighis ó rialtas na Breataine a mhol nach mbeadh mórthionchar ag an drochíde ar na fir, agus gurb é an gnáthshaol laethúil i dTuaisceart Éireann ag an am ba chúis leis.[9]

Tháinig fianaise chun solais go ndearna rialtas na Breataine iarracht an Chúirt a chur amú sa bhliain 1978,[10][11] Bhí brú ann arís an cinneadh a rinne an Chúirt in 1978 a aisiompú.[12][13]

In 1972 d’fhógair príomh-aire na Breataine Edward Heath nach n-úsáidfidís na cúig theicníc mar áis cheastóireachta as sin amach. In 1977 d’fhógair Ard-Aighne na Breataine Sam Silkin an rud céanna os comhair na Cúirte Eorpaí. Ach bhí siad ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar an phobal is cosúil. Rinne rialtas na Breataine faoi Heath cinneadh rúnda leis na cúig theicníc a choinneáil ar an ábhar gur uirlis áisiúil faisnéise a bhí iontu dar leo.

Mar sin, sa bhliain 2014, chuir Rialtas na hÉireann iarratas chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ar chás na ‘bhFear Cochaill ‘a athbhreithniú, ar an mbonn go raibh fianaise nua ann nach raibh ar fáil sna 1970idí.[9] Ach diúltaíodh sa bhliain 2018 d'iarratas ar leasú ar an mbreithiúnas.[14][15]

Rialaigh an Chúirt Achomharc i mBéal Feirste in 2019 go raibh sé de cheart céasadh a thabhairt ar "Cheastóireacht trom" i dtéarmaí an lae inniu.[16]

Ar 15 Nollaig 2021, rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine go raibh sé mícheart ag na póilíní sa Tuaisceart gan fiosrúchán a bhunú faoin gcaoi ar caitheadh le ceithre fhear déag ar thug Arm na Breataine drochíde dóibh sna 1970idí. Rialaigh an chúirt go raibh cinneadh na bpóilíní gan an scéal a fhiosrú bunaithe ar thuarascáil a bhí "fíorlochtach" agus nár chóir aon ghlacadh a bheith leis.[16]

I mí an Mheithimh 2023, ghabh ardchonstábla na bpóilíní sa Tuaisceart, Simon Byrne, leithscéal leis na fir.[17][18]

Iarmhairtí idirnáisiúnta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Guantanamo

Bhí impleachtaí ní ba fhorleithne aige seo agus ag an rialú na Cúirte nach céasadh a bhí ann. Ní amháin gur lean an Bhreatain ar aghaidh ag úsáid na dteicnící ach theagasc siad iad dá gcomhghleacaithe idirnáisiúnta freisin.

Sa bhliain 2002, bhí na Stáit Aontaithe ag lorg bealaí le “teicnící treisithe ceastóireachta” a fhorbairt. De bhrí nárbh ionann na cúig teicníc agus céasadh faoi rialú na Cúirte Eorpaí, glacadh leis go raibh na teicnící úd ceart dlíthiúil go leor le húsáid ar na himtheorannaithe i gCuan Guantanamo.

In 2011, tharla fiosrúchán poiblí ar bhás Baha Mousa ón Iaráic in 2003 agus é faoi chóiméad ag arm na Breataine. Tháinig sé amach le linn an fiosrúcháin go raibh na teicnící fós in úsáid acu.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Scannáin a chuirfidh idir iontas agus uafás orainn le feiceáil ag QFT" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2020-08-09.
  2. Ian Cobain (2012-11-01). "Cruel Britannia: A Secret History of Torture" (as en). Granta Publications. 
  3. Aoife Duffy (March 2019 (DOI: 10.4324/9780429020063 ISBN: 9780429020063)). "Torture and Human Rights in Northern Ireland: Interrogation in Depth". Dáta rochtana: 2021.
  4. "Hooding" (as en) (2021-08-08). Wikipedia. 
  5. "Ciarán Dunbar" (ga). Tuairisceoir an Dúin. Dáta rochtana: 2021-01-19.
  6. Scoil Dlí. "breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine 1978" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-19.
  7. bailii.org (18 January 1978). "Ireland v. United Kingdom - 5310/71 [1978 ECHR 1]". 
  8. echr.coe.int (1978). "[%225310/71%22,%22itemid%22:[%22001-57506%22]} CASE OF IRELAND v. THE UNITED KINGDOM (Application no. 5310/71)]". Dáta rochtana: 2021.
  9. 9.0 9.1 Nuacht RTÉ (2014-12-02). "Athbhreithniú Eorpach á iarraidh ar na 'Fir Cochaill'" (as ga). 
  10. Prime Time - RTÉ Investigations Unit (2014). "Tá clár faisnéise de chuid Aonad Imscrúduithe RTÉ dar teideal 'The Torture Files', a rinne Rita Ní Raghallaigh agus a spreag an t-iarratas seo, ar fáil ar shuíomh gréasáin an stáisiúin" (en). www.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-01-19.
  11. "MI5 and the 'Hooded Men' | The Pat Finucane Centre". www.patfinucanecentre.org. Dáta rochtana: 2021-01-19.
  12. Arsa Tuairisceoir (2014-12-11). "Cás na ‘muc guine’ le hardú arís" (ga). Crá Croí Cois Cuain. Dáta rochtana: 2021-01-19.
  13. Nuacht RTÉ (2014-12-02). "Athbhreithniú Eorpach á iarraidh ar na 'Fir Cochaill'" (as ga). 
  14. Nuacht RTÉ (2018-09-11). "Goverment's 'Hooded men' appeal rejected by ECHR" (as en) (Brendan Wright). 
  15. Rita O'Reilly (2019-09-23). "Hooded Men: The allegations that UK ministers authorised torture" (as en). 
  16. 16.0 16.1 Nuacht RTÉ (2021-12-15). "Cinneadh gan líomhaintí faoi chéasadh a fhiosrú "mícheart"" (as ga). 
  17. Nuacht RTÉ (2023-06-13). "Leithscéal gafa ag póilíní le "Fir na gCochall" faoi dhrochíde" (as ga-IE). 
  18. Póilín Ní Chiaráin (18 Meitheamh 2023). "Leithscéal gafa ag PSNI le Fir na gCochall ach ní leor sin amháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-18.
  19. IMDB film review (2018). "The Ballymurphy Precedent". 
  20. Callum Macrae. (2018). "The Ballymurphy Massacre (Scannán faisnéise)". Dáta rochtana: 2020.