Mórstáisiún Bhéal Feirste
Mórstáisiún Bhéal Feirste | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Stáisiún traenach teorann, stáisiún bus, stáisiún traenach, stáisiún os cionn talún agus mol iompair ![]() | |||
Ailtire | John McAslan ![]() | |||
Tréith | ||||
Staid úsáide | in úsáid | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Béal Feirste, Northern Ireland ![]() | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Cuideachta Shealbhaíochta Iompair Thuaisceart Éireann ![]() | |||
Oibreoir | Iarnród Thuaisceart Éireann, Iarnród Éireann agus Bus Uladh ![]() | |||
Stáisiún traenach agus bus i lár chathair Bhéal Feirste, Tuaisceart Éireann is ea Mórstáisiún Bhéal Feirste[1] (nó Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste agus fiú Stáisiún Mór Lárnach Bhéal Feirste[2] ar IrishRail.ie).[3] Is é an Mórstaisiún an tsaoráid chomhtháite iompair is mó ar oileán na hÉireann.[4] Tá an mol iompair suite sa cheantar ‘Cros na bhFíodóirí’[5] i lár na cathrach (crosbhealach Bhóthar Grosvenor agus Shráid Durham).[6]


Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh an stáisiún céim ar chéim idir Meán Fómhair - Deireadh Fómhair 2024. Chosain an mol iompair €403 milliún in iomlán.[7] Tógadh é in aice leis an sean-stáisiún bus "Europa" agus Stáisiún Mhór-Shráid Victoria.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i mí Aibreáin 2024 le rún ag éileamh comharthaíocht Ghaeilge ag an mhol iompair nua. Mhol an Chomhairle do Translink, a bhí i mbun na forbartha, go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach laistigh agus lasmuigh den stáisiún. In ainneoin go raibh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus lucht feachtais ag éileamh go mbeadh brandáil agus comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil sa mhórstáisiún nuair a osclaíodh é, cinneadh cur chuige aonteangach a chur i gcrích agus thaobhaigh Translink le cur chuige aonteangach.[7][8]
Bhí lucht na teanga i mbun agóide i mBéal Feirste i mí Mheán Fómhair 2024 faoin gcinneadh gur comharthaíocht i mBéarla amháin atá sa Stáisiún.[9]
Ar 24 Márta 2025, d'fhógair an tAire Bonneagair Liz Kimmins (de chuid Shinn Féin) go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar na meaisíní ticéad agus ar an chomharthaíocht sa stáisiún.[6][10][4] Ach mhaígh an DUP go raibh dualgas dlíthiúil uirthi cinneadh mar sin a chur faoi bhráid an Fheidhmeannais.[11] Chuir Translink stop leis an obair ar an gcomharthaíocht de bharr go raibh agóid dlíthiúil ar siúl. Ar 23 Aibreán, dúirt an gníomhaí dílseach Jamie Bryson go raibh ag tionscnamh athbhreithniú breithiúnach san Ardchúirt in aghaidh na Roinne Infreastruchtúir as ar tháinig an cinneadh an chomharthaíocht a cheadú. Bhí sé ag lorg urghaire cúirte le stop a chur leis an obair sin ag an mol nua iompair sa chathair.[12]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ""Mórstáisiún Bhéal Feirste"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2025-03-31.
- ↑ ""Stáisiún Mór Lárnach Bhéal Feirste"". irishrail.ie. Dáta rochtana: 2024-10-31.
- ↑ I mBéarla, Belfast Grand Central Station
- ↑ 4.0 4.1 An Páipéar (2025-03-28). "Toradh an ghnímh le feiceáil agus comharthaíocht Ghaeilge le cur in airde i Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-04-03.
- ↑ i mBéarla, ‘Weavers Cross’
- ↑ 6.0 6.1 "Beidh an Ghaeilge le feiceáil ag Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste | Department for Infrastructure" (en). www.infrastructure-ni.gov.uk (2025-03-24). Dáta rochtana: 2025-03-31.
- ↑ 7.0 7.1 "Aire ag súil go n-athrófar córas aonteangach Béarla Mhórstáisiún nua Bhéal Feirste" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-09). Dáta rochtana: 2024-09-12.
- ↑ "Pobal na Gaeilge ‘a bhrú go cúl an bhus’ i mórionad taistil nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-06). Dáta rochtana: 2024-09-12.
- ↑ "‘Treoir láidir oifigiúil’ de dhíth ón aire chun stop a chur le ‘veto’ ar chearta teanga i mórstáisiún iompair nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-12). Dáta rochtana: 2024-09-12.
- ↑ "Comharthaíocht i nGaeilge le cur in airde i lárionaid iompair i mBéal Feirste | Media Archive | An Dream Dearg" (ga). www.dearg.ie. Dáta rochtana: 2025-03-31.
- ↑ De réir rialacha Stormont, ní mór aon chinneadh a mheastar atá suntasach nó conspóideach bheith déanta ag an gcomhaireacht, in áit ag aire amháin. Ach faoin gCead Aire agus faoin Leas-Chéad Aire atá sé cinntí a mheas dá suntas nó dá gconspóid.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-23). "Agóid dlithiúil in aghaidh comharthaiocht Gaeilge i mBéal Feirste" (as ga-IE).