Sreabha Stóiréaga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sreabha Stóiréaga[athraigh | athraigh vicithéacs]

Léarscáil

Is samplaí de na sreabha talún ba mh dá taifeadadh riamh iad na trí Sreabha Stóiréaga. Tharla siad faoin uisce, ag teorainn scairbh ilchríochach na hIorua (ciallaíonn "Stóiréaga", nó Storegga "Oll-Teorainn" in Ioruais), sa Mhuir Ioruach, 100 km i dtreo an iarthuaisceart ón Chósta Móir (Møre).

De bharr an sleamhnaithe sin, d'fhorbair súnámaí mór a rinne damáiste do chóstaí ar fud tuaisceart an Aigéin Atlantaigh. Bhí timpeall 290 km de scairbh chósta pháirteach sa sreabh, le toirt iomlán de 3,500 km3 de smionagar.

Bunaithe ar Dhátú Radacarbóin de phlandaí aimsithe ó shil-leagan dríodair sil-leagtar ag an súnámaí, tharla an sreabh deireanach timpeall 6100 RC. San Albain, tá fianaise de súnámaí aimsithe ag seandálaithe - sil-leagain aimsithe in imchuach an Mhonadh Róis- suas go dtí 80 km intíre agus 4 méadar thar an ghnáth-leibhéal taoide sa lá atá inniu ann.

Meicníocht Féideartha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ceaptar gurbh iad creathanna talún, le chéile le gásanna (msh. meatán) scaoilte ón dianscaoileadh de ghásanna hiodráit, iad an chúis do na sreabha. Is seans eile é ná go raibh na dríodair éagobhsaí, agus gur theip siad fanacht ag seasamh tar éis crith talún nó na sruthanna farraige.

Airde na súnámaithe

Iarmhairt ar an Daonra agus Tír-eolas na hEorpa[athraigh | athraigh vicithéacs]

Timpeall an sreabh Stóiréaga deireanach, bhí droichead talúin, a ghlaotar Talamh Dóigéir air, ag ceangail an Bhreatain (bhí droichead talún na hÉirinn leis an Albain scriosta níos luatha mar gheall ar éirí leibhéal na farraige- leá na Oighearchlúideanna) leis an Danmhairg agus an Ísiltír, a chlúdaigh an Mhuir Thuaidh. Bhí an talamh seo lán le tránna, murlaigh, riasca agus réileáin láibe, agus ba talamh seilge tábhachtach don daonra Mhéisiliteach é- chónaigh chuid mhóir éisc agus beithígh (ar nós an Fia Mór Éireannach, nó áracsanna) ann.

Nuair a bhris (leá) an Oigheardamba ag scaradh an Loch Agasíos sa Cheanada ón Bhá Hudsaín (agus ag stóráil a lán uisce), d'ardaigh leibhéal na farraige ar fud an domhain. Mar seo, thosaigh laghdú ar an droichead talún. Áfach, ba é an súnámaí an chúis gur chuaigh Talamh Doigéar faoi uisce. Rinne sé seo oileán den Bhreatain, agus scair sé na daoine Mhéisiliteacha go léir- ag athrú sruth na staire.