Srannadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Déanann 20% de phobal na Stát Aontaithe, níos mó ná 40 milliún duine, srannadh gach oíche is iad ina gcodladh. 55% de na daoine sin, is daoine fásta iad, 68% de na fir is 48% de na mná. Cuireann callán na srainne isteach go mór ar chodladh pairtnéara. Is mí-ord codlata é, ach ní galar amach is amach é. Go minic bíonn galair mar ardbhrú fola, neamhchodladh is priacal stróic thar an ngnáth comhcheangailte leis nó mar thoradh air. Ainneoin na gnáth-thuisceana, ní mór an pháirt a ghlacann an tsrón ann. Is iad seo na fíocháin is mó a chritheann is a chuireann leis an bhfuaim: an fharaing (píobán cónchruthach a cheanglaíonn an béal leis an bpíobán garbh), an coguas (fíochán bog ag cúl an charbaid), agus an tsine siain (píosa fíocháin bhoig atá ar crochadh ag cúl na scornaí). Is amhlaidh a bhogann siad nuair a thiteann duine ina chodladh, agus critheann siad le sreabhadh an aeir tharstu. Má chritheann siad an iomarca, agus an-challán á dhéanamh acu, is féidir go mbeidh aipnia codlata ar dhuine. Neamhanálú is ea í seo, a bhuaileann 20 milliún de shrannairí na Stát Aontaithe. Tarlaíonn sí de bhrí go ndúnann an t-aerphasáiste nuair a bhogann na struchtúir ann an iomarca. Neamhanálú neamhbhuan a bhíonn ann de ghnáth, ach tarlaíonn easpa ocsaigine sa bhfuil is an cholainn i gcoitinne dá bharr. I gcásanna cinniúnacha is féidir go leanfaidh deacrachtaí cairdisiothíocha an easpa ocsaigine sin. Is féidir srannadh a mhaolú trí obráidí. Ach roimhe sin, is inmholta gan alcól a ól roimh chodladh (cuireann sé sin le bogadh na struchtúr san aerphasáiste), gan luí ar an droim (is fusa an t-aerphasáiste a dhruidim sa suíomh sin) agus roinnt meáchain a chailliúint (is mór an priacal srannta an raimhre).