Aipnia codlata

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Aipnia codlata

Laghdú tréimhsiúil nó stop na riospráide le linn codlata de bharr cúngú an aerphasáiste uachtaraigh. Tarlaíonn sí nuair a bhogann na matáin sa choguas is an tsine siain, rud a ligeann do na fíocháin sin an t-aerbhealach a chalcadh, rud a chritheann iad is a tháirgeann srannadh. Mar thoradh ar an riocht seo, bíonn an codladh suaite agus an duine codlatach i rith an lae. Meastar go dtarlaíonn níos mó taismí do dhaoine a ngoilleann an riocht seo orthu. Seans go mbíonn ráta ardaithe galair chairdiasoithíoch acu freisin, ach tá sé seo le cruthú go cliniciúil.