An difríocht idir athruithe ar: "Na Gealáin Thuaidh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
{{Úsáidíeile|an feiniméad réalteolaíochta}}
{{Úsáidíeile|an feiniméan réalteolaíochta}}
[[Íomhá:Polarlicht 2.jpg|thumb|''Aurora Borealis'', [[Alasca|Alaska]].]]
[[Íomhá:Polarlicht 2.jpg|thumb|''Aurora Borealis'', [[Alasca|Alaska]].]]



Leagan ó 15:52, 3 Bealtaine 2020

Aurora Borealis, Alaska.

Is éard atá i gceist leis an gCaor Aduaidh, na Saighneáinaurora borealis ná solais a fheictear thuas sa spéir faoi thionchar na gcáithníní faoi lucht leictreach a bhuaileann réimse maighnéadach an Domhain. Cuid den ghrianghaoth iad na cáithníní seo. Sna réigiúin pholacha is mó a fheictear iad, ach uaireanta is féidir iad a fheiceáil in Éirinn féin.

Le fírinne, ní thagraíonn na téarmaí aurora borealis agus an Chaor Aduaidh ach do na saighneáin a fheictear timpeall ar an bPol Thuaidh. Na cinn a fheictear i réigiún polach na hAntartaice, tugtar aurora australisan Chaor Aneas orthu.

Is é an míniú eolaíoch ná go bhfágann cáithníní na grianghaoithe adaimh ocsaigine agus nítrigine flosctha, is é sin, luchtaithe le fuinneamh a fhágann leictreoin ar leibhéil níos airde ná áit a mbíonn siad agus an t-adamh sa bhunstaid. Nuair a thuirlingeoidh na leictreoin ar ais ón bhfloscadh, scaoilfidh siad an fuinneamh flosctha mar chandam solais (fótón).