An difríocht idir athruithe ar: "Walt Disney"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
{{Bosca Sonraí Duine|ainm=Walter Elias Disney|íomhá=Walt disney portrait.jpg{{!}}200px|dáta_breithe=5 Nollaig 1901|ceannteideal=Walt Disney|dáta_báis=15 Nollaig 1966|áit_bhreithe=Chicago, Illinois|áit_bháis=Burbank, California|náisiúntacht=Méireacánach|gairm=léiritheoir scannán, fiontraí agus beochantóir|síniú=Walt_Disney_1942_signature.svg}}
{{Bosca Sonraí Duine|ainm=Walter Elias Disney|íomhá=Walt disney portrait.jpg{{!}}200px|dáta_breithe=5 Nollaig 1901|ceannteideal=Walt Disney|dáta_báis=15 Nollaig 1966|áit_bhreithe=Chicago, Illinois|áit_bháis=Burbank, California|náisiúntacht=Méireacánach|gairm=léiritheoir scannán, fiontraí agus beochantóir|síniú=Walt_Disney_1942_signature.svg}}

= Walt Disney =
Ba léiritheoir scannán, fiontraí agus beochantóir [[SAM|Meiriceánach]] é '''Walter Elias Disney'''. Bhuaigh sé [[duais Oscar]] sé huaire is fiche (bhí ceithre mar dhuais oinigh).<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.goodhousekeeping.com/life/entertainment/g26449349/who-has-won-most-oscars/|teideal=No, Meryl Streep Hasn't Won the Most Oscars in History|údar=Selena Barrientos|dáta=2019-02-22|language=en-US|work=Good Housekeeping|dátarochtana=2020-03-19}}</ref> Bhain sé amach Máistreacht Oinigh sna hEalaíona ón ollscoil [[Harvard, Illinois|Harvard]] agus ollscoil Yale<ref name=":3" />.<br />
Ba léiritheoir scannán, fiontraí agus beochantóir [[SAM|Meiriceánach]] é '''Walter Elias Disney'''. Bhuaigh sé [[duais Oscar]] sé huaire is fiche (bhí ceithre mar dhuais oinigh).<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.goodhousekeeping.com/life/entertainment/g26449349/who-has-won-most-oscars/|teideal=No, Meryl Streep Hasn't Won the Most Oscars in History|údar=Selena Barrientos|dáta=2019-02-22|language=en-US|work=Good Housekeeping|dátarochtana=2020-03-19}}</ref> Bhain sé amach Máistreacht Oinigh sna hEalaíona ón ollscoil [[Harvard, Illinois|Harvard]] agus ollscoil Yale<ref name=":3" />.<br />



Leagan ó 22:17, 5 Aibreán 2020

Teimpléad:Bosca Sonraí Duine

Ba léiritheoir scannán, fiontraí agus beochantóir Meiriceánach é Walter Elias Disney. Bhuaigh sé duais Oscar sé huaire is fiche (bhí ceithre mar dhuais oinigh).[1] Bhain sé amach Máistreacht Oinigh sna hEalaíona ón ollscoil Harvard agus ollscoil Yale[2].

Saol luath

Rugadh Walt Disney ar an gcúigiú lá de Nollaig, 1901, sa roinn Hermosa i Chicago, Illinois. Chaith sé a chuid óige i Missouri[3] nuair a bhog a athair an teaghlach ann chun a bheith ag obair ar fheirm i Marceline[4]. Bhí sé mar an ceathrú mac a bhí ag Elias Disney, a bhí mar chearpantóir taistil, feirmeoir agus conraitheoir tógála, agus Flora (née Call) Disney, a bhí ina múinteoir[5]. Ba leath-Éireannach agus leath-Ceanadach é Elias Disney[6]. Bhí ceathrar deartháir (Herbert, Raymond, agus Roy) agus deirfiúr amháin (Ruth) ag Disney[7]. Nuair a bhí sé i Missouri, chaith sé a chuid ama ag tarraingt agus ag péintéireacht[3]. Nuair a bhí sé ina dhéagóir, bhog Disney agus a chlann go ar ais go dtí Chicago. Nuair a bhí sé sa mheanscoil, McKinley High i Chicago, d'oibrigh Disney mar cartúnaí i gcomhair an irisleabhair scoile[8]. Le linn an ama seo, d'fhreastail Walt Disney ar an institiúid ealaíne i Chicago[9].

Bhí Walt ag iarraidh troid sa Chéad Chogadh Domhanda nuair a bhí sé sé bhliana déag d'aois ach bhí sé ró-óg. Rinne sé a phas a bhrionnú agus chuir sé isteach i gcomhair na Croise Dearg ag insint bhréige faoi cén aois a raibh sé. Seoladh Walt go dtí an Fhrainc agus thiomáin sé otharcarr ansin[7][8]. Tar éis an chogaidh i 1919, bhí an seans ag Disney dul agus obair i monarcha glothaí i Chicago toisc go raibh a athair mar chomhúinéir de[2] ach chuaigh Walt Disney go dtí Kansas agus thosaigh sé ag obair mar cartúnaí tráchtála, freisin thosaigh sé ag obair ar a chead cartún bheochan. I Mí Lúnasa, 1923 bhog Disney go dtí California, bhí a deartháir Roy ann cheana féin[2].

Gairm Beochana Walt Disney

Nuair a bhí Disney ag obair i Kansas mar cartúnaí tráchtála thosaigh sé ag obair ar a chuid beochaintí[3]. D'fhoghlaim sé faoi conas na beochaintí seo a chruthú tríd ag leamh leabhair ón leabharlann cosúil le "Animated Cartoons – How They Are Made Their Origin And Development” le Edwin George (E.G.) Lutz[10]. Fhadas a raibh sé ag obair i Kansas, bhuail sé le Ub Iwerks (Ubbe Eert Iwwerks) agus tar éis tamall bhunaigh an bheirt acu comhlacht fógraíochta i 1920, ach theip ar an gcomhlacht toisc nach raibh go cliant aige. Thosaigh Disney agus Iwerks post nua ag Kansas City Films Ad, le linn a chuid ama ag obair leis an gcomhlacht seo, d'fhoghlaim Disney níos mó scileanna ag baint le beochaintí[9].

Cruthaigh Disney sraith de chartúin darbh ainm 'Laugh-O-Grams' i 1922[5]. Rinne sé margadh leis an phictiúrlann i Kansas na gcartún a craoladh agus tháinig an-cháil ar na cartúin agus ar Walt Disney[3]. Níor fhuair Disney aon brabus ón mhargadh seo ach chuir sé tús lena ghairm. Bhí an céad sraith bunaithe ar an Chochaillín Dhearg agus bhí sé mar leagan nua-aimseartha den scéal[11]. Faoi 1923, bheartaigh sé dul go California, toisc gur imigh an comhlacht Laugh-O-Grams as gnó agus ní raibh aon todhchaí ag a chuid oibre le beochantí i Kansas[12].

Dúirt Disney faoin am ar shroich sé California bhí sé tuirseach traochta de chartúin. Bhí sé mar aidhm aige a bheith ina stiúrthóir ach níor éirigh leo aon phost cosúil le sin agus lean sé ar aghaidh ag obair ar a bheochaintí[13]. D'aithin sé go raibh deis aige obair le beochaintí arís agus d'oibrigh é féin agus a dheartháir Roy ar sraitheanna a raibh bunaithe ar an scéal Alice in Wonderland darbh ainm Alice's Comedies[14] I nDeireadh Fómhair, 1923 bhunaigh Walt agus Roy an stiúideo cartún Disney Brothers[15]. I mí Nollaig 1923, craoltar an céad pháirt den tsraith "Lá Alice san Fharraige" agus thuill Disney agus a dheartháir Roy $1,500[16]. I rith an am seo bhí sé fos ag obair le Ub Iwerks. D'éirigh leo charactar eile a chruthú coinín darbh ainm 'Oswald' faoi 1927 agus d'fhostaigh Universal Walt agus Iwerks chun 26 sraith cartún bunaithe ar Oswald a chruthú, ansin faoi 1928 tháinig Disney ar an eolas gur le Universal cearta an charachtar Oswald[17].

Tagairtí

  1. Selena Barrientos (2019-02-22). "No, Meryl Streep Hasn't Won the Most Oscars in History" (en-US). Good Housekeeping. Dáta rochtana: 2020-03-19.
  2. 2.0 2.1 2.2 PBS (29/08/2017). "Walt Disney PBS American Experience Documentary". Dáta rochtana: 03/04/2020.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 "Walt Disney" (en-us). Biography. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  4. "Walt Disney Biography - life, family, children, name, story, death, history, wife, school, information, born, contract". www.notablebiographies.com. Dáta rochtana: 2020-04-02.
  5. 5.0 5.1 "Walt Disney | Biography, Movies, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-04-02.
  6. "About Walt Disney" (en-US). D23. Dáta rochtana: 2020-04-02.
  7. 7.0 7.1 "Walt Disney - Walt Disney:Early Life". waltdisney.weebly.com. Dáta rochtana: 2020-04-02.
  8. 8.0 8.1 "From Chicago to Hollywood: The man behind the mouse :: CHICAGO SUN-TIMES :: Lifestyles". web.archive.org (2009-10-03). Dáta rochtana: 2020-04-02.
  9. 9.0 9.1 History-biography (2018-06-17). "Walt Disney" (en-US). History and Biography. Dáta rochtana: 2020-04-02.
  10. J. J. Sedelmaier (2012-03-26). "How Walt Disney Used His Kansas City Library Card" (en-US). Print Magazine. Dáta rochtana: 2020-04-03.
  11. gilardcr (2013-02-25). "The Beginning of Disney’s Career" (en). Walt Disney. Dáta rochtana: 2020-04-03.
  12. Eudie Pak. "Walt Disney's Rocky Road to Success" (en-us). Biography. Dáta rochtana: 2020-04-03.
  13. Michael Barrier (2007). "". The Animated Man: A Life of Walt Disney (1). University of California Press. 
  14. "Walt Disney Biography |" (en-GB). Biography Online. Dáta rochtana: 2020-04-03.
  15. "Disney Brothers Cartoon Studio Founded". www.famousdaily.com. Dáta rochtana: 2020-04-04.
  16. "Walt Disney Biography: The Man Who Believed in Dreams" (en-US). Astrum People. Dáta rochtana: 2020-04-03.
  17. "The rebirth of Oswald the Lucky Rabbit" (en-GB). BBC News (2012-12-03). Dáta rochtana: 2020-04-04.