An difríocht idir athruithe ar: "An Oraimis"
Dáileadh Tíreolaíoch |
mNo edit summary |
||
Líne 92: | Líne 92: | ||
[[Catagóir:An Chéinia|Oraimis]] |
[[Catagóir:An Chéinia|Oraimis]] |
||
[[Catagóir:Teangacha Afra-Áisice|Oraimis]] |
[[Catagóir:Teangacha Afra-Áisice|Oraimis]] |
||
[[Catagóir:Teangacha Cúiseacha|Oraimis]] |
|||
{{DEFAULTSORT:Oraimis}} |
{{DEFAULTSORT:Oraimis}} |
Leagan ó 11:48, 14 Feabhra 2018
Is teanga Chúiseach a labhraítear san Aetóip í an Oraimis(nó Afaan Oromo ina dteanga féin). Is í an chéad teanga Chúiseach is mó a labhraítear ar domhan agus í an cheathrú teanga is mó a labhraítear san Afraic í (i ndiaidh an Araibis, an Svahaílis agus an Hásais). Go príomha, labhraíonn na hOramaigh an teanga mar theanga dúchais in Oromiyaa, réigiún eitneach san Aetóip. Cé go bhfuil níos mó cainteoirí ná an Amáiris aici, níl stádas oifigiúil aici san Aetóip ach in Oromiyaa agus sa phríomhchathair Adas Ababa.[1] Tá leathmhilliún cainteoirí ag an teanga sa Chéinia freisin.
Usáidtear an Aibitír Laidineach sa teanga ón mbliain 1991. Beidh an BBC World Service ar fáil san Oraimis go luath.[2]
Canúintí
Is cantanam canúna í an Oraimis. Is minic nach mbíonn na canúintí comhintuigthe le chéile.
Dár le Ethnologue, tá ceithre chanúint mhór ag an Oraimis:
- An Oraimis Theas le timpeall ceithre mhilliún cainteoir
- An Oraimis Thoir le timpeall 4.5 mhilliún cainteoir
- Orma le timpeall 66,000 cainteoir
- An Oraimis Thiar-Lár le timpeall 25 milliún cainteoir.
Dáileadh tíreolaíoch
De réir an daonáireamh 2007, bhí an Oraimis an máthairtheanga ag 24,930,424 duine san Aetóip.[3] Taispeáineann an tábla seo cá bhfuil cainteoirí na hOraimise ina gcónaí.
Ainm an réigiún | Líon na gCainteoirí | Céatadán |
---|---|---|
An Aetóip[3] | ||
Kilil Tigrāy | 3,794 | 0.09% |
Qafar | 5,552 | 0.4% |
An Amáir | 456,601 | 2.65% |
Oromiyaa | 23,495,364 | 87.04% |
Deegaanka Soomaalida | 22,696 | 0.51% |
Benishangul-Gumuz | 138,742 | 17.69% |
Réigiún pobail an deiscirt | 207,777 | 1.39% |
Gambela | 14,901 | 4.85% |
Harari | 104,263 | 56.86% |
Adas Ababa | 293,741 | 10.72% |
Dire dawa | 163,920 | 47.95% |
An Chéinia[4] | 356900 | 0.92% |
An tSomáil[5] | 41,600 | 0.37% |
Tagairtí
- ↑ https://www.journalducameroun.com/en/ethiopia-afan-oromo-to-serve-as-working-language-in-addis-official/ (en)
- ↑ http://www.bbc.com/news/world-asia-41389030 (en)
- ↑ 3.0 3.1 "Statistical Tables for the 2007 Population and Housing Census of Ethiopia: Country Level" 91–92 (2007). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-13.
- ↑ https://www.ethnologue.com/country/KE/languages (en)
- ↑ https://www.ethnologue.com/country/SO/languages (en)
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |