An difríocht idir athruithe ar: "Radaíocht chúlra mhicreathonnach"
No edit summary |
m Robot: sl:Prasevanje is a featured article; athruithe cosmaideacha |
||
Líne 3: | Líne 3: | ||
{{Fréamh an Eolais}} |
{{Fréamh an Eolais}} |
||
{{síol}} |
{{síol}} |
||
{{Nasc AR|sl}} |
Leagan ó 19:22, 29 Eanáir 2014
Tháinig Arno Penzias is Robert Wilson ar an radaíocht seo de thaisme i 1965, agus iad ag obair ar aeróga teileachumarsáide, ag iarraidh siosarnach fothraim sa chóras glactha a réiteach. Chruthaigh siad gur fíorchomhartha a bhí á ghlacadh acu, ag teacht ar Domhan ón spás amuigh. Ó aimsir Hubble sna 1920idí bhí a fhios go raibh na réaltraí ag cúlú uainn is ó chéile. Mar sin, ó iarmhairt Doppler, bheadh tonnfhaid na radaíochta a d'astaigh siad is iad níos óige laghdaithe, b'fhéidir síos don raon micreathonnach. Micreathonnta sa raon aistrithe seo a bhraith Penzias is Wilson. Thomhais an tsaitilít COBE an radaíocht seo níos iomláine, agus thaispeáin gur radaíocht dúchoirp í le teocht 2.73 K, gurbh iarmhar iontaisithe na hOllphléisce í, is go raibh mionathruithe sa teocht mar thoradh ar dhifríochtaí i ndlús na luath-Chruinne a chuir tús, ar a seal, leis na réaltraí.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |