An difríocht idir athruithe ar: "Sóidiam"

Jump to navigation Jump to search
1 byte removed ,  6 bliana ó shin
m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (Bot: Migrating 125 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q658 (translate me))
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
In éineacht le hainiain na n-aigéad, cruthaíonn an sóidiam comhdhúile ianacha - salainn - a bhíonn so-thuaslagtha san uisce, cosúil leis an ngnáthshalann féin (clóiríd sóidiam, NaCl). Má chuirtear salann sóidiam trí thine, aithneofar ar dhath láidir buí na lasrach é, agus dá réir sin, baintear úsáid as an sóidiam i lampaí le solas buí a dhéanamh.
 
Tá an sóidiam - i bhfoirm an iain Na<sup>+</sup>, ar ndóigh - an-choitianta sa dúlra. Mianraí sóidiam iad an [[salann]], an [[hailít]], an [[Crióilít|chrióilít]], an t-[[amfaból]], an [[tróna]], an t[[seoilít]], agus a lán eile. Tá sé ar fáil go flúirseach sna farraigí mar chlóiríd. Teastaíonn an sóidiam ó na horgánaigh bheo go léir, an duine san áireamh.
 
Tá aon iseatóp cobhsaí amháin ag an sóidiam, is é sin, <sup>23</sup>Na. Mar sin féin, bíonn rianta beaga de na hiseatóip úd <sup>22</sup>Na (leathré: 2.605 bliain) agus <sup>24</sup>Na (leathré timpeall ar cúig uair an chloig déag) ar fáil sa dúlra in áiteanna, ó ghintear iad faoi thionchar na radaíochta cosmaí.
19,799

edits

Roghchlár nascleanúna