An difríocht idir athruithe ar: "Ráth Tó"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
MacTire02 (plé | dréachtaí)
alpha
m fixing dead links
Líne 23: Líne 23:
== Naisc Sheachtracha ==
== Naisc Sheachtracha ==
'''Spórt agus Clubanna'''
'''Spórt agus Clubanna'''
* [http://www.royalchess.blogspot.com/ Club Fichille Ráth Tó]
* [http://web.archive.org/20110708062103/www.royalchess.blogspot.com/ Club Fichille Ráth Tó]
* [http://www.ratoathharps.com/ Club Peile Ratoath Harps]
* [http://www.ratoathharps.com/ Club Peile Ratoath Harps]
* [http://www.ratoathrugby.ie/ Club Rugbaí Ráth Tó]
* [http://www.ratoathrugby.ie/ Club Rugbaí Ráth Tó]

Leagan ó 05:59, 29 Deireadh Fómhair 2013

Teimpléad:Ie baile infobox Is baile comaitéireachta borrach é Ráth Tó (Béarla: Ratoath) i gContae na Mí, Éire. Tugtar an t-ainm Ráth Tó ar bhaile fearainn, barúntacht agus ar pharóiste. Bhí sé ar an mbaile is mó fás in Éirinn de réir daonáireamh 2006, le daonra 7,249. (aníos ó 1,061 i 1996). Tá an céatadán is mó de dhaoine óga sa tír le fáil i Ráth Tó de réir an daonáirimh chomh maith.[1]

Tá an baile gar do ráschúrsa Thigh na Sióg, áit a mbíonn an Rás Mór Náisiúnta ar siúl le linn Fhéile na Cásca gach bliain. Chomh maith leis sin tá an teaghlach cáiliúil rásaíochta, Carberrys, ina gcónaí gar don bhaile.[2]

Stair na hÁite

Príomhshráid agus Eaglais Chaitliceach Ráth Tó

Ba thaoiseach Lochlannach é (seanlitriú Tódh) a bhunaigh ráth san áit seo in aimsir na Lochlannach, de réir scoláirí na Suirbhéireachta Ordanáis. Tá sé sa seanchas chomh maith gur cuireadh an ruaig ar na Danair ón áit seo tráth.[3] Tá tagairtí don áit seo faoin ainm Mruigtuaithe chomh maith i Leabhar Ard Mhacha agus d'aithin an scoláire Gaeilge, Eoin Mac Néill, gur Ráth Tó a bhí i gceist. Tá eastát tithíochta amháin sa bhaile a bhfuil an t-ainm áirithe seo air.

Tá an príomhbhaile suite ar bharr cnoic agus mar sin is léir cén fáth ar shuíomh maith le haghaidh rátha é. Nuair a ghabh na Normannaigh an ceantar seo tar éis 1169, thóg siad móta agus bábhún mar ionad cosanta dóibh féin ar bharr an chnoic. Tá an cnoc seo fós le sonrú in aice na heaglaise Caitlicí (a tógadh sna 1840idí) sa bhaile. Is maith an seans gurbh é Aodh De Lása (mac leis an Aodh De Lása cáiliúil) a thóg an struchtúr cosanta seo, os rud é gur bhronn a dheartháir Ualtar, talamh an cheantair seo air.


Naisc Sheachtracha

Spórt agus Clubanna

Pobal

Scoileanna agus Coláistí

Foinsí

  1. http://www.medialive.ie/Comment/census2006%20-%204.html
  2. http://www.independent.ie/national-news/locals-celebrate-as-their-national-hero-returns-411395.html
  3. Ordnance Survey letters Meath: Letters containing information relative to the antiquities of the county of Meath collected during the progress of the Ordnance Survey in 1836 (Four Masters Press 2001) lth. 112, ISBN 1-903538-03-3