An difríocht idir athruithe ar: "Andóra"
m r2.7.3) (Robot: Modifying dz:ཨེན་ཌོ་ར to dz:ཨཱན་དོ་ར |
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: bxr:Андорра |
||
Líne 81: | Líne 81: | ||
[[br:Andorra]] |
[[br:Andorra]] |
||
[[bs:Andora]] |
[[bs:Andora]] |
||
[[bxr:Андорра]] |
|||
[[ca:Andorra]] |
[[ca:Andorra]] |
||
[[cdo:Ăng-dô̤-ī]] |
[[cdo:Ăng-dô̤-ī]] |
Leagan ó 23:20, 19 Eanáir 2013
Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Is prionsacht bheag thalamhiata í an Phrionsacht Andóra (Catalóinis: Principat d'Andorra, Fraincis: Principauté d'Andorre) atá suite in iardheisceart na hEorpa, in oirthear na bPiréiní idir an Fhrainc agus an Spáinn. Andorra la Vella an príomhchathair (daonra: 70,787 i 2001).
Tíreolaíocht
Tír thalamhiata is ea Andóra. Is í Valira an phriomhabhainn. Tá Andóra deighilte ina seacht bparóiste.
Geilleagar
Faigheann Andóra thart ar 80% den olltáirgeacht intíre ón turasóireacht - tugann thart ar 9,000,000 duine cuairt ar Andóra in aghaidh na bliana. Is tearmann cánach í agus tá seirbhísí baincéireachta tábhachtach freisin le hioncam a thabhairt do mhuintir na tíre. Ní ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh é. Níl aon táille cánach ar earraí déantúsaíochta ach gearrtar cáin ar earraí talmhaíochta.
Daonra
Is í an Chatalóinis teanga oifigiúil Andóra agus teanga dhúchais na nAndórach. Is iad an Fhrainc agus an Spáinn a sholáthraíonn an t-oideachas sa tír de réir a gcuraclaim féin, agus mar sin, bíonn Fraincis agus Spáinnis á labhairt go sármhaith ag na hAndóraigh.