An difríocht idir athruithe ar: "José Antonio Labordeta"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.6.5) (róbat ag suimiú: es:José Antonio Labordeta
mNo edit summary
Líne 37: Líne 37:


Tugadh aitheantas do Labordeta mar dhuine de na hamhránaithe/údair ba mhó sa Spáinn lena linn. I measc na n-amhrán ba cháiliúla a scríobh sé agus a chan sé tá «Canto a la libertad», «Aragón», «Me dicen que no quieres» agus «Banderas rotas».
Tugadh aitheantas do Labordeta mar dhuine de na hamhránaithe/údair ba mhó sa Spáinn lena linn. I measc na n-amhrán ba cháiliúla a scríobh sé agus a chan sé tá «Canto a la libertad», «Aragón», «Me dicen que no quieres» agus «Banderas rotas».

[[Catagóir:Básanna i 2010]]


[[an:José Antonio Labordeta]]
[[an:José Antonio Labordeta]]

Leagan ó 05:05, 14 Feabhra 2012

José Antonio Labordeta Subías (Zaragoza, 10 Márta, 1935 - 19 Meán Fómhair, 2010) - amhránaí, scríbhneoir agus polaiteoir Spáinneach, teachta de chuid an pháirtí Chunta Aragonesista (VII y VIII legislaturas).

Mac le Miguel Labordeta agus Sara Subías, deartháir an fhile Miguel Labordeta, agus fearcéile Juana de Grandes (necaht leis an Ghinearál Agustín Muñoz Grandes) a bhí ann. Bhí triúr iníonacha aige (Ana, Ángela y Paula).

Fuair sé a chuid oideachais sa Colegio Alemán de Zaragoza agus fuair cáilíocht sa Dlí agus sa bhFealsúnacht in Ollscoil Zaragoza, coláiste a bhronn Dochtúireacht Onórach air sa bhliain 2010. Chaith sé tamall ina mhúinteoir Tíreolaíochta, Staire agus Ealaíne. Sa bhliain 1972 bhunaigh sé an iris chultúrtha Andalán.

Bhí baint aige le bunú an pháirtí polaitíochta El Partido Socialista de Aragón sa bhliain 1976 agus níos déanaí sheas sé mar iarrthóir don Seanad ar son aontas na heite clé, Izquierda Unida. Mar bhall den Chunta Aragonesista (CHA), toghadh é mar theachta do Zaragoza sa bhliain 2000, agus ba é siúd ionadaí an pháirtí i gComhdháil na dTeachtaí go dtí an bhliain 2008.

Cé nár ghnóthaigh sé mórán vótaí riamh, tharraing sé go leor aird air féin lena fheachtas in aghaidh rannpháirtíocht na Spáinne san ionradh ar an Iaráic, No a la guerra, agus i gcoinne na scéime chun cúrsa abhainn an Ebro a athrú. Ba mhinic é i ngleic le teachtaí an Partido Popular agus chaith sé an masla seo leo: «A la mierda». Dúirt sé go bhféadfaí an mana sin a chur ar leac a uaighe.

D'éag sé den ailse go luath ar maidin ar an 19 Meán Fómhair 2010, in ospidéal Miguel Servet i Zaragoza.


Filíocht

Chomh maith lena ghníomhaíocht pholaitiúil bhí aithne ar Labordeta mar fhile agus mhaígh sé gurb í an fhilíocht a phríomhghairm. Bhí a dhánta á bhfoilsiú ón mbliain 1959 ar aghaidh, tamall maith sular thosaigh sé ag cur ceoil leo. Foilsíodh a shaothar sna leabhair seo a leanas:

Sucede el pensamiento (1959) Las Sonatas (1965) Cantar y callar (1971) Treinta y cinco veces uno (1972) Tribulatorio (1973) Método de lectura (1980) Jardín de la memoria (1985) Diario de un náufrago (1988) Monegros (1994)


Foilsíodh a chuid dánta deireanacha sa bhlag: <http://zaragozame.com/labordeta/>.

Prós

Foilsíodh saothair éagsúla machnaimh agus a chuimhní cinn chomh maith le prós cruthaíoch i rith a shaoil chomh maith, agus bhí sé ina cholúnaí i nuachtáin éagsúla.


Amhránaí

Tugadh aitheantas do Labordeta mar dhuine de na hamhránaithe/údair ba mhó sa Spáinn lena linn. I measc na n-amhrán ba cháiliúla a scríobh sé agus a chan sé tá «Canto a la libertad», «Aragón», «Me dicen que no quieres» agus «Banderas rotas».