An difríocht idir athruithe ar: "Cill Dhéagláin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: gv:Cill Dhéagláin
m róbat ag mionathrú: nl:Ashbourne (Meath)
Líne 43: Líne 43:
[[gv:Cill Dhéagláin]]
[[gv:Cill Dhéagláin]]
[[id:Ashbourne, Republik Irlandia]]
[[id:Ashbourne, Republik Irlandia]]
[[nl:Ashbourne]]
[[nl:Ashbourne (Meath)]]
[[no:Ashbourne (Meath)]]
[[no:Ashbourne (Meath)]]
[[pl:Ashbourne (Irlandia)]]
[[pl:Ashbourne (Irlandia)]]

Leagan ó 20:53, 20 Meán Fómhair 2010

Teimpléad:Ie baile infobox Is baile measartha mór é Cill Dheagláin suite i gContae na Mí in Éireann thart ar 15km siaróthuaidh ó Bhaile Átha Cliath ar an mbóthar N2. Is baile fíorstairiúil é. Sa lá atá inniu ann tá neart áiseanna sa bhaile, ina measc, gaelscoil, dhá scoil náisiúnta, agus meánscoil freisin. Tá linn snámha, foirgneamh le haghaidh aclaíocht, ionad phobail agus níos mó.

Stair

Príomhshráid Chill Dhéagláin

Tagann an ainm ó Eaglais Naomh Déagláin, ach níl an séipéal ann anois. Is ainm nua-aimseartha an ainm Béarla, Ashbourne. Cheannaigh Frederich Bourne (tá bóithre sa Bhaile ainmithe dó) talamh timpeall na háite nuair a chuala sé go raibh bóthar le tógáil amach faoin dtuath chomh fada le Baile Shláine. Bhí sé ag iarradh na bóithre a chuir faoi dola agus airgead a thuilleadh astu. Thóg sé an Óstán Cill Dhéagláin do phaisinéirí a bhíodh ag taisteal tríd an bhaile.

Roimhe sin, bhí caisleán a thóg Oilibhéar Cromail ann agus rinne a mhac William cónaí ann. Níl an caisleán le feiceáil inniú, de bharr neamart. Tá reilig i ndeisceart an bhaile a tógadh sna mheánaoiseanna agus bhí séipéal beag ar an láthair freisin ach níl ach fothracha fágtha anois. Eachtra stairiúil a tharla san áit ná cath Chill Dhéagláin mar a thugtar ar. Tháinig Tomás Ághas múinteoir agus náisiúnaigh, agus ceannaire in Éirí Amach na Cásca, aduaidh agus troid sé cath i gCill Dhéagláin, an t-aon troid lasmuigh de Bháile Átha Cliath a bhí trácht ar. (breathnaigh ar Na hImeachtaí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath san leathanach ar Éirí Amach na Cásca). Tá líne ó dhán Thomáis ("let me carry your cross for Ireland") ar an pláigh. Ar an séadchomhartha tá pictiúr de Thomás ar taobh amháin agus Íosa Chríost ar an dtaobh eile.

Go háitiúil glaotar an Croiss Ráth air.

Rudaí eile

Dob é daonra an bhaile sa bhliain 2002 ná 6,362, ardú 27% ar an daonra sa bhliain 1996,de bharr sin is í Cill Dhéglain an tarna baile is mó sa Mhí i ndiaidh an Uaimh. Anois tá daonra thart ar 7,237 sa bhaile agus ceaptar go bhfuil an daonra chun ardú go dtí 15,000 sa bhliain 2012. Is baile tábhachtach í don chontae agus na bailte beaga máguaird. Tá neart áiseanna, siopaí, ionad phobail, leabharlann mór agus tuile ann. Rud amháin olc faoi ná líon an trácht.

Córas Iompair Phoiblí

Séipéal na Deastógála ar an bPríomhshráid
Limistéar siopadóireachta an bhaile

Freastlaíonn Bus Éireann ar Cill Dheagláin ag taisteal go Baile Átha Cliath gach 20 nóiméad. Tá seirbhís bus Baile Átha Cliath ann freisin ach níl sé ag feidhmiú ach amháin san oíche ag tosú ag 11:30pm