An difríocht idir athruithe ar: "Christopher Nolan (scríbhneoir)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Roinnt ceartúchán beag
Sonraí teaghlaigh
Líne 12: Líne 12:
}}
}}


Ba scríbhneoir agus file [[Éire|Éireannach]] é '''Christopher Nolan''' ([[6 Meán Fómhair]] [[1965]] - [[20 Feabhra]] [[2009]]<ref>http://www.irishtimes.com/newspaper/breaking/2009/0220/breaking29.htm</ref>). Bhain sé ardcháil amach nuair a ghnóthaigh sé duais litríochta Booker dá leabhar dírbheathaisnéiseach, ''Under the Eye of the Clock'', sa bhliain [[1988]]. Bhí [[pairilis cheirbreach]] air ó rugadh é, mar gheall ar easpa ocsaigine a bhí air le linn na breithe agus ní raibh lúth na ngéag ná a choirp aige dá bharr. Ach níor mhaolaigh an mháchail fhisiceach sin ar a intleacht in aon chor, rud a bhí soiléir óna shaothar scríofa.
Ba scríbhneoir agus file [[Éire|Éireannach]] é '''Christopher Nolan''' ([[6 Meán Fómhair]] [[1965]] - [[20 Feabhra]] [[2009]]<ref>http://www.irishtimes.com/newspaper/breaking/2009/0220/breaking29.htm</ref>). Bhain sé ardcháil amach nuair a ghnóthaigh sé duais litríochta Whitbread dá leabhar dírbheathaisnéiseach, ''Under the Eye of the Clock'', sa bhliain [[1988]]. Bhí [[pairilis cheirbreach]] air ó rugadh é, mar gheall ar easpa ocsaigine a bhí air le linn na breithe agus ní raibh lúth na ngéag ná a choirp aige dá bharr. Ach níor mhaolaigh an mháchail fhisiceach sin ar a intleacht in aon chor, rud a bhí soiléir óna shaothar scríofa.


==Óige==
==Óige==
Rugadh Christopher Nolan do Joseph agus Bernadette Nolan agus bhí deirfiúr amháin aige, darb ainm Yvonne. Tógadh é sa [[An Muileann gCearr|Mhuileann gCearr]], i g[[Contae na hIarmhí]], ach bhog sé go [[Baile Átha Cliath]] dá oideachas. Agus é ag cur faoi sa phríomhchathair, d'fhreastail sé ar an g[[An Clinic Lárnach Íocshláinteach|Clinic Lárnach Íocshláinteach]], ar Scoil Chuimsitheach Mount Temple agus ar [[Coláiste na Tríonóide|Choláiste na Tríonóide]].

Tógadh Christopher Nolan sa [[An Muileann gCearr|Mhuileann gCearr]], i g[[Contae na hIarmhí]], ach bhog sé go [[Baile Átha Cliath]] dá oideachas. Agus é ag cur faoi sa phríomhchathair, d'fhreastail sé ar an g[[An Clinic Lárnach Íocshláinteach|Clinic Lárnach Íocshláinteach]], ar Scoil Chuimsitheach Mount Temple agus ar [[Coláiste na Tríonóide|Choláiste na Tríonóide]].


==Saol agus Saothar==
==Saol agus Saothar==

Leagan ó 17:58, 22 Feabhra 2009

Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir

Ba scríbhneoir agus file Éireannach é Christopher Nolan (6 Meán Fómhair 1965 - 20 Feabhra 2009[1]). Bhain sé ardcháil amach nuair a ghnóthaigh sé duais litríochta Whitbread dá leabhar dírbheathaisnéiseach, Under the Eye of the Clock, sa bhliain 1988. Bhí pairilis cheirbreach air ó rugadh é, mar gheall ar easpa ocsaigine a bhí air le linn na breithe agus ní raibh lúth na ngéag ná a choirp aige dá bharr. Ach níor mhaolaigh an mháchail fhisiceach sin ar a intleacht in aon chor, rud a bhí soiléir óna shaothar scríofa.

Óige

Rugadh Christopher Nolan do Joseph agus Bernadette Nolan agus bhí deirfiúr amháin aige, darb ainm Yvonne. Tógadh é sa Mhuileann gCearr, i gContae na hIarmhí, ach bhog sé go Baile Átha Cliath dá oideachas. Agus é ag cur faoi sa phríomhchathair, d'fhreastail sé ar an gClinic Lárnach Íocshláinteach, ar Scoil Chuimsitheach Mount Temple agus ar Choláiste na Tríonóide.

Saol agus Saothar

Cé nach raibh cumas corpartha aige, bhíodh sé in ann a cheann a bhogadh méid áirithe agus d'úsáideadh sé gléas scríofa speisialta a bhíodh ceangailte dá cheann, le bheith ag scríobh. Ceapadh é ina bhall d'Aosdána i 1998. Bhronn Cumann Scríbhneoirí na Náisiún Aontaithe Bonn Feabhais air agus bhronn Ollscoil Lancaster dochtúireacht oinigh air sa bhliain 1991.

Bás

Fuair an Nuallánach bás tar éis dó tachtadh ar a chuid bia. Shíothlaigh sé ag 2.30am ar 20 Feabhra 2009, in Ospidéal Beaumont, i mBaile Átha Cliath.

Leabhair

  • Dam-Burst of Dreams - Dánta agus gearrscéalta (1981)
  • Under the Eye of the Clock - Dírbheathaisnéis (1987)
  • Torchlight and Lazer Beams - Leagan drámaíochta dá dhírbheathaisnéis, Under the Eye of the Clock (1988)
  • The Banyan Tree - Úrscéal (1999)

Tagairtí

Naisc sheachtracha