An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Athainmníodh Acht Rialtais Éireann mar An tAcht um Rialtas na hÉireann: more fluent and more natural grammar
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
Is é an t'''Acht Rialtais Éireann''' an t-acht a chur Rialtas na Breataine i bhfeidhm i [[1920]]. aithne ar an acht mar an '''Cheathrú Bille Féin-Riail''' chomh maith. Reachtaíodh é tar éis an gealltanais a rinne rialtas na Breataine reacht féin-rial a chur i bhfeidhm tar éis an [[An Chéad Chogadh Domhanda|Chéid Chogadh Domhanda]]. Bhí an-chonspóid ag baint leis an acht seo toisc go raibh in aithne ag an rialtas Éire ar fad a chur faoi riail an rialtas nua a chruthóidh, agus bhí na hAontaachtithe dian i gcoinne sin. Bhunaigh na h[[Óglaigh Uladh]] mar thoradh. Sa deireadh, thug an rialtas rogha chuig na Chontae san Oir-thuaisceart le chéile mba mhaith leo a bheith faoi riail [[Baile Átha Cliath]]. Ach bhí conspóid ag baint le seo chomh maith, cheap náisiúnaithe go raibh méid an-mhór daoine sna Contae sin ar mhaith leo a bheith faoi rialtas i mBaile Átha Cliath. Chomh maith, cheap [[náisiúnachas|náisiúnaithe]] nach ceart aon chuid d'Éireann a scairt ó chuid eile.
Chuir rialtas na Breataine an t'''Acht um Rialtas na hÉireann''' i bhfeidhm sa bhliain [[1920]]. Bhí an tAcht seo bunaithe ar an gCeathrú Bille um [[Rialtas Dúchais]] na hÉireann. Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar [[Éire|Éirinn]] tar éis [[an Chéad Chogadh Domhanda]]. Bhí an tAcht bunaithe ar an tuiscint a bhí ag David Lloyd-George agus Walter Long (ceannaire na nAontachtóirí i gCúige Uladh) ar pholaitíocht na hÉireann roimh an gcogadh, ach idir an linn, d'athraigh an suíomh in Éirinn an oiread agus nár leor an tAcht leis na hÉireannaigh a shásamh. Bhí na Náisiúnaithe Éireannacha ag éileamh neamhspleáchais agus Poblachta faoin am seo. B'iad Sinn Féin an páirtí ba láidre in Éirinn, agus ghabhfaidís leor le Rialtas Dúchais de réir an tsean-sainmhínithe. Mar sin, ar an 23 Nollaig 1920, nuair a ritheadh an bille, bhí glan as dáta cheana féin.

B'é an tAcht seo a rinne críochdheighilt ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - an Dún, Aontroim, Ard Mhacha, Fear Manach, Doire agus Tír Eoghain - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd Béal Feirste agus Doire. B'é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith Caitlicigh i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn. De réir an Achta, bheadh a rialtas féin ag Deisceart Éireann taobh theas, agus rialtas eile ag Tuaisceart Éireann, nó an sé chontae seo.
Sa deireadh, ámh, thosaigh [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh na Saoirse]] in Éirinn agus thit an Rialtas Féin-Riail beagnach sula gcruthaíodh é. Bhí an chéad rialtas chun a bhailliú i [[1921]] ach sa thoghchán, bhuaigh [[Sinn Féin]] gach de na suíochán sa deisceart na hÉireann agus ní raibh siad ann ag an gcruinniú. Ní raibh ann ach dhá [[aontachtaí]] ó [[Coláiste na Tríonóide|Choláiste na Tríonóide]]. Vótálaigh an rialtas é féin as bheith i [[1921]] tar éis an [[Conradh Angla-Éireannach]], agus bhunaigh an [[Saorstát Éireann]] ina áit.

Bhí sé ceaptha go mbeadh Fear Ionaid an Rí - nó an Tiarna Leifteanant - os cionn an dá stát in Éirinn ó thaobh na cumhachta feidhmithí de. Bheadh an t-údarás feidhmithe dílsithe don Choróin, agus ní bheadh parlaiminteachas ar bith ann. Mar sin, bheadh an Tiarna Leifteanant ag ainmniú na nAirí Rialtais thar cionn an Rí, beag beann ar pharlaimint an dá stát. Bhí Comhairle ar leith - Comhairle na hÉireann - le cur ar bun freisin le caidreamh an dá pharlaimint a chomhordnú.

Tháinig parlaimint an Tuaiscirt ar an bhfód de réir an Achta, ach nuair a vótáladh na Feisirí isteach ar pharlaimint an Deiscirt, staon an chuid ba mhó acu ó chruinniú bunaidh na parlaiminte sin. Ní raibh ach beirt [[Aontachtóirí]] ó [[Coláiste na Tríonóide|Choláiste na Tríonóide]] i láthair ansin. Chruinnigh na feisirí eile in áit dá gcuid féin, agus d'fhógair siad gurbh iadsan Dáil Éireann, nó parlaimint Phoblacht neamhspleách na hÉireann.

Níor thionóil parlaimint an Deiscirt ina hiomláine ach aon uair amháin. Nó nuair a bhí an Conradh Angla-Éireannach sínithe, bhí faomhadh na parlaiminte seo ag teastáil ar chúiseanna foirmiúla. Mar sin, tháinig Teach Teachtaí Dheisceart Éireann le chéile aon uair amháin le glacadh leis an gConradh, agus ansin, scoireadh ar an toirt é le go bhféadfadh an Tríú Dáil teacht ina áit.

{{stumpa}}
{{stumpa}}

Leagan ó 20:49, 29 Deireadh Fómhair 2007

Chuir rialtas na Breataine an tAcht um Rialtas na hÉireann i bhfeidhm sa bhliain 1920. Bhí an tAcht seo bunaithe ar an gCeathrú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann. Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar Éirinn tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. Bhí an tAcht bunaithe ar an tuiscint a bhí ag David Lloyd-George agus Walter Long (ceannaire na nAontachtóirí i gCúige Uladh) ar pholaitíocht na hÉireann roimh an gcogadh, ach idir an dá linn, d'athraigh an suíomh in Éirinn an oiread agus nár leor an tAcht leis na hÉireannaigh a shásamh. Bhí na Náisiúnaithe Éireannacha ag éileamh neamhspleáchais agus Poblachta faoin am seo. B'iad Sinn Féin an páirtí ba láidre in Éirinn, agus ní ghabhfaidís leor le Rialtas Dúchais de réir an tsean-sainmhínithe. Mar sin, ar an 23 Nollaig 1920, nuair a ritheadh an bille, bhí sé glan as dáta cheana féin.

B'é an tAcht seo a rinne críochdheighilt ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - an Dún, Aontroim, Ard Mhacha, Fear Manach, Doire agus Tír Eoghain - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd Béal Feirste agus Doire. B'é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith Caitlicigh i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn. De réir an Achta, bheadh a rialtas féin ag Deisceart Éireann taobh theas, agus rialtas eile ag Tuaisceart Éireann, nó an sé chontae seo.

Bhí sé ceaptha go mbeadh Fear Ionaid an Rí - nó an Tiarna Leifteanant - os cionn an dá stát in Éirinn ó thaobh na cumhachta feidhmithí de. Bheadh an t-údarás feidhmithe dílsithe don Choróin, agus ní bheadh parlaiminteachas ar bith ann. Mar sin, bheadh an Tiarna Leifteanant ag ainmniú na nAirí Rialtais thar cionn an Rí, beag beann ar pharlaimint an dá stát. Bhí Comhairle ar leith - Comhairle na hÉireann - le cur ar bun freisin le caidreamh an dá pharlaimint a chomhordnú.

Tháinig parlaimint an Tuaiscirt ar an bhfód de réir an Achta, ach nuair a vótáladh na Feisirí isteach ar pharlaimint an Deiscirt, staon an chuid ba mhó acu ó chruinniú bunaidh na parlaiminte sin. Ní raibh ach beirt Aontachtóirí ó Choláiste na Tríonóide i láthair ansin. Chruinnigh na feisirí eile in áit dá gcuid féin, agus d'fhógair siad gurbh iadsan Dáil Éireann, nó parlaimint Phoblacht neamhspleách na hÉireann.