Speictriméadracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eolaíocht ina mbaintear feidhm as speictriméadar chun solas is tonnta leictreamaighnéadacha eile a anailísiú agus a speictrim a thomhas. Glacann an gléas seo an solas atá le tomhas trí scoiltín, cuireann trí lionsa é chun léas aontreoch a chruthú, cuireann trí phriosma nó gríl díraonta é chun an solas a spré ina ghathanna de dhathanna scoite, tomhaiseann déine gach datha, agus ar deireadh tarraingíonn graf de dhéine an tsolais i gcoinne an tonnfhaid nó an datha. Speictream atá sa ghraf seo. Astaíonn gach dúil speictream sainiúil ag gach teocht, agus mar sin is féidir comhdhéanamh foinse solais is a teocht a dhíorthú ó speictream an tsolais. Baineann réalteolaithe feidhm as speictriméadar chun na dúile atá i réaltaréaltra i bhfad i gcéin a dhéanamh amach agus teocht rinn spéire a ríomh. Is féidir aistrithe i speictrim, mar dheargaistriúgormaistriú, a thomhas, agus uaidh sin gluaisne choibhneasta rinn spéire uainn nó chugainn.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Speictriméadracht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 618.