Speictreascópacht fhótaileictreonach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teicníocht chun staidéar a dhéanamh ar struchtúr adamh is móilíní. Dírítear radaíocht leictreamaighnéadach ar shampla chun go n-astaíonn sé leictreoin, a bhraitear. Más X-ghathanna a úsáidtear, is féidir staidéar a dhéanamh ar na leictreoin inmheánacha. Le húsáid gathanna ultraivialaite, déantar staidéar ar na leictreoin sheachtracha nasctha.