Bluesky
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | seirbhís líonrú sóisialta líonra sóisialta dáilte user-generated content platform (en) comhphobal ar líne tionscadal | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 2021 | ||||
Bunaitheoir(í) | Jack Dorsey | ||||
Úsáideann sé/sí | AT Protocol (en) | ||||
Oibreoir | Bluesky PBC (en) | ||||
Suíomh gréasáin | bsky.app | ||||
Láithreán líonraithe shóisialta is ea Bluesky, nó An Spéir Gorm, a bunaíodh sna blianta 2019-2022.[1] Ceapadh Jay "Lantian" Graber mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar an 16 Lúnasa 2021.[2][3]
Feidhmiú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé go bhfuil Bluesky cosúil le X/Twitter ar bhealaí áirithe, ní hionann cur chuige Bluesky. Líonra sóisialta oscailte agus ardán neamhspleách atá i mBluesky.
Murab ionann is X/Twitter, níl algartam uilechumhachtach i gceannas ar Bluesky. Gach rud leis an rud eile, tá an pobal níos cairdiúla i gcomparáid le Twitter.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Jack Dorsey (an fear a bhunaigh X féin faoin ainm Twitter in 2006) an t-ardán Bluesky in 2019. Bhí leagan luath de a bheith ar fáil trí Twitter, mar a thugtaí ar X ag an am, ó 2019. D'éirigh Bluesky mar iontaobhas neamhspleách ("Benefit corporation")[4] in 2022.
Ó cheannaigh Elon Musk Twitter i mí Dheireadh Fómhair 2022, tá na céadta míle duine ar fud an domhain tar éis bailiú leo go Bluesky, agus Threads (Meta) agus Mastodon.
Bhí borradh ollmhór i mí na Samhna 2024 faoi líon na ndaoine a chláraigh le Bluesky ó atoghadh iaruachtarán Mheiriceá Donald Trump agus go leor daoine míshásta faoin ról a bhraith siad a bhí ag úinéir X, Elon Musk, i bhfeachtas Trump (Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024).[5]
Gaeilge ar Bluesky
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá pobal bríomhar Gaeilge ar Bluesky cheana féin. Ach tá cuid mhór de na meáin, de na foilsitheoirí agus de na heagraíochtaí in easnamh.
Tá an t-ardán ar fáil i nGaeilge ó Samhain 2024, a bhuí leis an ngrúpa céanna a chuir leaganacha Gaeilge de mhórmheáin shóisialta eile – XTwitter, GMail, Facebook, agus WhatsApp – ar fáil. Is iad an Ríomhacadamh, faoi stiúir an Ollaimh Kevin Scannell a rinne an t-aistriúchán ar an ardán. Bhí thart ar dheich míle focal le haistriú le comhéadan Bluesky a chur ar fáil.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ bsky.app. "Suíomh". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ 2.0 2.1 "Jay Graber" (as en) (2024-11-27). Wikipedia.
- ↑ "A Twitter-funded company trying to build a new kind of social media taps its first leader" (en). CNBC (2021-08-16). Dáta rochtana: 2024-12-01.
- ↑ "Benefit corporation" (as en) (2024-11-22). Wikipedia.
- ↑ 5.0 5.1 Maitiú Ó Coimín (28 Samhain 2024). "An meán sóisialta Bluesky ar fáil i nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-29.