Jump to content

Bluesky

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBluesky
(en) Bluesky Social Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálseirbhís líonrú sóisialta
líonra sóisialta dáilte
tionscadal
user-generated content platform (en) Aistrigh
comhphobal ar líne
bogearra saor Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2021
Bunaitheoir(í)Jack Dorsey Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
OibreoirBluesky Social PBC (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbsky.app Cuir in eagar ar Wikidata

X: bluesky Bluesky: bsky.app Instagram: bluesky_social Threads: bluesky_social Twitch: BlueskySocial GitHub: bluesky-social Cuir in eagar ar Wikidata

Láithreán líonraithe shóisialta is ea Bluesky, nó An Spéir Gorm, a bunaíodh sna blianta 2019-2022.[1] Ceapadh Jay "Lantian" Graber mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar an 16 Lúnasa 2021.[2][3]

Jay "Lantian" Graber, príomhoifigeach feidhmiúcháin ("Lantian" = Spéir Gorm)[2]

Cé go bhfuil Bluesky cosúil le X/Twitter ar bhealaí áirithe, ní hionann cur chuige Bluesky. Líonra sóisialta oscailte agus ardán neamhspleách atá i mBluesky.

Murab ionann is X/Twitter, níl algartam uilechumhachtach i gceannas ar Bluesky. Gach rud leis an rud eile, tá an pobal níos cairdiúla i gcomparáid le Twitter.

Bhunaigh Jack Dorsey (an fear a bhunaigh X féin faoin ainm Twitter in 2006) an t-ardán Bluesky in 2019. Bhí leagan luath de a bheith ar fáil trí Twitter, mar a thugtaí ar X ag an am, ó 2019. D'éirigh Bluesky mar iontaobhas neamhspleách ("Benefit corporation")[4] in 2022.

Ó cheannaigh Elon Musk Twitter i mí Dheireadh Fómhair 2022, tá na céadta míle duine ar fud an domhain tar éis bailiú leo go Bluesky, agus Threads (Meta) agus Mastodon.

Bhí borradh ollmhór i mí na Samhna 2024 faoi líon na ndaoine a chláraigh le Bluesky ó atoghadh iaruachtarán Mheiriceá Donald Trump agus go leor daoine míshásta faoin ról a bhraith siad a bhí ag úinéir X, Elon Musk, i bhfeachtas Trump (Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024).[5]

Gaeilge ar Bluesky

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá pobal bríomhar Gaeilge ar Bluesky cheana féin. Ach tá cuid mhór de na meáin, de na foilsitheoirí agus de na heagraíochtaí in easnamh.

Tá an t-ardán ar fáil i nGaeilge ó Samhain 2024, a bhuí leis an ngrúpa céanna a chuir leaganacha Gaeilge de mhórmheáin shóisialta eile – XTwitter, GMail, Facebook, agus WhatsApp – ar fáil. Is iad an Ríomhacadamh, faoi stiúir an Ollaimh Kevin Scannell a rinne an t-aistriúchán ar an ardán. Bhí thart ar dheich míle focal le haistriú le comhéadan Bluesky a chur ar fáil.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. bsky.app. "Suíomh". Dáta rochtana: 2024.
  2. 1 2 "Jay Graber" (as en) (2024-11-27). Wikipedia.
  3. "A Twitter-funded company trying to build a new kind of social media taps its first leader" (en). CNBC (2021-08-16). Dáta rochtana: 2024-12-01.
  4. "Benefit corporation" (as en) (2024-11-22). Wikipedia.
  5. 1 2 Maitiú Ó Coimín (28 Samhain 2024). "An meán sóisialta Bluesky ar fáil i nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-29.