Caoimhín Ó Scanaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Kevin Scannell)
Infotaula de personaCaoimhín Ó Scanaill

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Kevin Scannell
Beathaisnéis
Breith11 Bealtaine 1970
53 bliana d'aois
Bostún, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Teicneolaíochta Massachusetts
Ollscoil California, Los Angeles Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilcéim dochtúireachta
Tráchtas acadúilFlat Conformal Structures and Causality in de Sitter Manifolds (1996 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaGeoffrey Mess
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach
Gníomhaíocht
Suíomh oibre St. Louis Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmmúinteoir ollscoile, Vicipéideoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Saint Louis (1998–)
Ollscoil Rice (1996–1998) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla Meiriceánach agus an Ghaeilge
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaPhilip C. Huling
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinkevinscannell.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: kscanne Twitter: kscanne Instagram: kscanne LinkedIn: kscanne GitHub: kscanne Cuir in eagar ar Wikidata

Is ollamh agus teangeolaí Meiriceánach é Caoimhín Ó Scanaill (Béarla: Kevin P. Scannell). Ollamh le Ríomheolaíocht in Ollscoil Saint Louis atá ann a raibh lámh aige i gcruthú go leor uirlisí digiteacha Gaeilge.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is Meiriceánach é an Scanallach, a rugadh i mBostún, Massachusetts sa bhliain 1970, de bhunadh Éireannach ar an dá thaobh. Rinne sé staidéar ar an matamaitic in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT), áit ar bronnadh BS air sa bhliain 1991. Fuair sé céim dhochtúireachta in Ollscoil California, Los Angeles (sa mhatamaitic chomh maith).

Chaith sé dhá bhliain i bpost iardhochtúireachta in Ollscoil Rice in Houston, Texas, sular thug sé faoi St. Louis sa bhliain 1998. Chaith sé bliain ar Fullbright in Éirinn ag plé le teicneolaíocht don Ghaeilge.

Thosaigh an Scanallach ag foghlaim na Gaeilge sna 1990idí. Go gairid tar éis sin, thosaigh sé ag obair ar bhogearraí éagsúla a chabhródh le foghlaimeoirí eile agus le cainteoirí dúchais an teanga a úsáid ar an ríomhaire. Ba é an litreoir GaelSpell an chéad acmhainn ríomhaireachta don teanga a rinne sé, agus foilsíodh an chéad leagan sa bhliain 2000.

Bhunaigh sé Cadhan Aonair, LLC sa bhliain 2008 mar chomhlacht príobháideach a sholáthraíonn seirbhísí teicneolaíochta do phobal na Gaeilge ar fud an domhain. An cuspóir atá acu ná saol ríomhaireachta go hiomlán trí mheán na Gaeilge a éascú trí bhogearraí, uirlisí profála, suímh Ghréasáin, APIanna, agus logánú.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]