Soiscéal Mholaise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Soiscél Molaisse)


Cumhdach Éireannach de chuid na 8ú haoise is ea Soiscéal Mholaise (Soiscél Molaisse).[1][2] Tá adhmad aige sa chroí, maisithe sna 11ú agus 15ú haoiseanna le hobair mhiotail maisithe i stíl ealaín na nOileán. Go dtí an 18ú haois, bhí ann sa cumhdach lámhscríbhinn anois caillte, leabhar Soiscéalach a mheastar, nasctha le Naomh Laisreán mac Nadh Fhraoigh (bás 564 nó 571), aitheanta fosta mar Mholaise. Sa 6ú haois, bhunaigh Molaise Eaglais ar Dhaimhinis, Loch Éirne, Contae Fhear Manach.

Soiscél Molaisse

Cruthaíodh an chumhacht i dtrí chéim. Faoi ord Chinn Fhaoladh, abb Dhaimhinse, maisíodh an croílár adhmaid am éigin idir na blianta 1001 agus 1025 le plátaí airgid cabhartha, tulmhaisiú le cros Chríostaí, fíoracha agus siombailí na gCeithre Soiscéalaithe, agus sraith inscríbhinní Laidine. Sa réad mar atá anois ar marthain, is iad na breiseanna seo sa chuid is mó de. Sa tríú céim, a tharla sa 15ú haoise, cuireadh tuilleadh airgid ann, cé go bhfuil siadsan go formhór caillte.

Is é Soiscéal Mholaise an cuntasach is sine atá ar mharthain. Agus é ach 14.75 cm ar airde, is é chomh maith ann ceann is lú, rud a chuireann in úil gur leabhar Soiscéalach póca a chosnaítí ann. Chreidtí go dtí an 19ú haois gur scríobhadh an leabhar ag Molaise.

Bhí an cumhdach faoi chosaint a choimeádaithe oidhreachta, clann Uí Mhithín as Bealach Uí Mhithín, Contae Liatroma go dtí lár na 19ú haoise. Ceannaíodh é ag Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1861, le tacaíocht ó Lord Dunraven agus George Petrie. Caomhnaítear anois é i nArd-Mhúsaem na hÉireann ar tSráid Chill Dara, Baile Átha Cliath.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Crawford, Henry. "A Descriptive List of Irish Shrines and Reliquaries. Part I". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, 6ú sraith, imleabhar 13, ui. 1, Meitheamh 1923. JSTOR 25513282
  • De Paor, Marie. "The Viking Impact". In: Treasures of early Irish art. NY: An Músaem Ealaíne Meitreapholaiteach, 1977. ISBN 978-0-8709-9164-6
  • Ireland. Aideen. "Roger Chambers Walker: A Sligo Antiquarian". The Journal of Irish Archaeology, imleabhar 11, 2002. JSTOR 30001663
  • Karkov, Catherine; Ryan, Michael; Farrell, Robert (eag). "The Insular Tradition". Nua-Eabhrac: SUNY Press, 1997. ISBN 978-1-4384-0837-8
  • Mahr, Adolf. "Irish Early Christian Handicraft. Luimneach: Limerick Leader, 1939
  • Mitchell, Perette. "The Inscriptions on Pre-Norman Irish Reliquaries". Proceedings of the Royal Irish Academy: Archaeology, Culture, History, Literature, imleabhar 96C, ui. 1, 1996. JSTOR 25516156
  • Moss, Rachel. Medieval c. 400—c. 1600, "Art and Architecture of Ireland" series. Londain: Yale University Press, 2014. ISBN 978-03-001-7919-4
  • —. The Book of Durrow. Baile Átha Cliath: Leabharlann Choláiste na Tríonóide; Londain: Thames and Hudson, 2018. isbn 978-0-5002-9460-4
  • Mullarkey, Paul. "Soiscél Molaisse". In: Moss, Rachel (eag). Medieval c. 400—c. 1600: Art and Architecture of Ireland. CT: Yale University Press, 2014. ISBN 978-03-001-7919-4
  • —. "Some observations on the form and date of the Soiscéal Molaise Book shrine". In: Hourihane, Colum, Irish art historical studies in honour of Peter Harbison. Index of Christian Art, Baile Átha Cliath: Occasional Papers ui 7, 2004
  • Murray, Griffin. "The Makers of Church Metalwork in Early Medieval Ireland: Their Identity and Status". Proceedings of the Sixth International Insular Art Conference, 2013
  • Ó Buachalla, Brendan. "The F-Future in Modern Irish: A Reassessment". Acadamh Ríoga na hÉireann, 1985. JSTOR 25506124
  • Ó Floinn, Raghnall. "The Soiscél Molaisse". Clogher Record, imleabhar 13, ui. 2, 1989. JSTOR 27699291
  • O'Sullivan Jerry; Ó Carragáin, Tomás. "Inishmurray: Archaeological survey and excavations 1997–2000". Cork Collins Press, 2008. ISBN 978-1-9051-7247-4
  • Overbey, Karen. Sacral Geographies: Saints, Shrines and Territory in Medieval Ireland. Turnhout: Brepols, 2012. ISBN 978-2-503-52767-3
  • Stalley, Roger. "Irish Art in the Romanesque and Gothic Periods". In: Treasures of early Irish art. NE: An Músaem Ealaíne Meitreapholaiteach, 1977. ISBN 978-0-8709-9164-6
  • Stevick, Robert. "St Patrick's Bell Shrine: Form and Layout of the Plates". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, imleabhar 138, 2008. JSTOR 27920487
  • Stokes, Margaret. "On two works of ancient Irish art, known as the Breac Moedog, or shrine of St Moedog, and the Soiscel Molaise, or Gospel of St. Molaise". Londain: Royal Academy of Arts, J.B. Nichols and Sons, 1871
  • Stokes, William. "The Life and Labours in Art and Archeology of George Petrie". Londain: Longmans, Green & Co., 1868
  • Wallace, Patrick. "Viking Age Ireland, AD 850–1150". In Ó Floinn, Raghnal; Wallace, Patrick (eag). Treasures of the National Museum of Ireland: Irish Antiquities. Ard-Mhúsaem na hÉireann, 2002. ISBN 978-0-7171-2829-7

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Stokes (1871), lch. 14
  2. Stevick (2008), lch. 37