Soilse tráchta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sraith soilse daite ag gabhal bóithre is ea soilse tráchta, chun sruth na tráchta a rialú, go mór mór ag crosairí gnóthacha. Crochtar os cionn an chrosaire nó ar thaobh an bhóthair iad.

Leanann na soilse tráchta an patrún céanna anois ar fud an domhain:

  • solas glas a chiallaíonn go bhfuil sé sábháilte tiomáint ar aghaidh,
  • solas ómra a chiallaíonn gur gá stopadh, agus
  • solas dearg a chiallaíonn gur gá fanúint i do stad mar nach bhfuil sé sábháilte tiomáint ar aghaidh.

Faoi seo, bíonn na córais faoi rialú ríomhaire den chuid is mó:

  1. Sa chóras is coitinne, bíonn timthriall na soilse tairiseach, socraithe chun taobhú leis an trácht ar an bpríomhbhóthar.
  2. I gcórais eile, athraítear an timthriall i rith an lae chun déileáil leis na patrúin athraitheacha tráchta.
  3. I gcórais níos casta fós, athraíonn an ríomhaire an timthriall go leanúnach, ag brath ar dhéine na tráchta a bhíonn á monatóiriú ar na bóithre sa chomharsanacht (ag braiteoirí faoin mbóthar nó córas ceamaraí teilifíse ciorcad iata).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sampla i Sasana

Tugadh isteach soilse tráchta den chéad uair ar an 5 Lúnasa 1914 in Ohio sna Stáit Aontaithe.

Tugadh isteach córas uathoibrithe den chéad uair i Wolverhampton, Sasana ar an 5 Samhain 1927[1].[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Princes Square agus Lichfield Street, https://archive.today/20121223223557/http://www.wolverhampton.gov.uk/transport_streets/motor/management/control.htm
  2. Hussey, Matt (2011). "Soilse tráchta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 612.