Snáithín saorga
Appearance
Ábhar, cosúil le níolón, réón is poileistear, a úsáidtear chun teicstílí a dhéanamh. Tosaíodh ar a dtáirgeadh sna 1930idí, agus faoi na 1950idí bhí táirgeadh ollmhór ar fud an Domhain is modhanna déanta amach chun éadaí de gach sórt a dhéanamh astu, chomh maith le gléasra míleata is tionsclaíochta. Mar thoradh laghdaíodh táirgeadh na holla, an chadáis is na siúite go mór. Tá an réabhlóid teicstíle seo ag leanúint an t-am ar fad.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Snáithín saorga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 610.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |