Siondróm Guillain-Barré
Cineál | autoimmune disease of peripheral nervous system (en) , neamhord imdhíonachta, rare neuroinflammatory disease (en) , acute and subacute inflammatory demyelinating polyneuropathy (en) agus galar |
---|---|
Eapainm | Georges Guillain agus Jean Alexandre Barré |
Speisialtacht leighis | néareolaíocht |
Cliniciúil | |
Comharthaí | ascending paralysis (en) |
Pataigineas | |
Suíomh | néarchóras imeallach |
Cúis ghéiniteach | PMP22 |
Aicmiú | |
ICD-10 | G61.0 |
CIAP | N94 |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 139393 |
DiseasesDB | 5465 |
MedlinePlus | 000684 |
eMedicine | 792008, 1169959, 315632 agus 1180594 |
Patient UK | guillain-barre-syndrome-pro |
MeSH | D020275 |
Orphanet | 2103 |
UMLS CUI | C0018378 |
DOID | DOID:12842 |
Neamhord annamh a chuireann isteach ar an néarchóras imeallach, ina gcailltear feidhmiú na colainne de réir a chéile é Siondróm Guillain-Barré. Ní hionann a dhéine i ngach cás, ach de ghnáth bíonn sé inchúlaithe go hiomlán. De réir dealraimh, leanann ionfhabhtuithe víreasacha, go mór mór i gconair na riospráide, de bhrí go dtarlaíonn freagairt uath-imdhíonachta, spreagtha ag an ionfhabhtú, a ionsaíonn na néarchealla is a mhilleann an cumhdach miailine a imchlúdaíonn iad, atá riachtanach do tharchur na néar-ríog. Is é an t-airí cliniciúil is minice a tharlaíonn pairilis ascnamhach shiméadrach, ach tarlaíonn cliseadh mothaithe, cailliúint rialú ainneonach bhrú na fola, agus rialú na putóige is an lamhnáin. Mar chóireáil, coinnítear feidhmeanna beo an othair le linn an ghalair ghéir. Uaireanta lagaítear an fhreagairt uath-imdhíonachta le stéaróidigh nó plasmafairéis. Tagann an chuid is mó d'othair chucu féin taobh istigh de chúpla seachtain. Is féidir le hothair atá pairilisithe go hiomlán teacht slán, fiú, ach bíonn laige iarmharach ar chuid bheag acu go ceann blianta ina dhiaidh.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Siondróm Guillain-Barre". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 336.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |