Siondróm Guillain-Barré

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarSiondróm Guillain-Barré
cuir in eagar
Cineál autoimmune disease of peripheral nervous system (en) Aistrigh, neamhord imdhíonachta, rare neuroinflammatory disease (en) Aistrigh, acute and subacute inflammatory demyelinating polyneuropathy (en) Aistrigh agus galar (duine aonair) Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainm Georges Guillain (en) Aistrigh agus Jean Alexandre Barré (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighis néareolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cliniciúil
Comharthaí ascending paralysis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Suíomh Néarchóras imeallach Cuir in eagar ar Wikidata
Cúis ghéiniteach PMP22 Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10 G61.0 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAP N94 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
OMIM 139393 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB 5465 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus 000684 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine 792008, 1169959, 315632 agus 1180594 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UK guillain-barre-syndrome-pro Cuir in eagar ar Wikidata
MeSH D020275 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet 2103 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUI C0018378 Cuir in eagar ar Wikidata
DOID DOID:12842 Cuir in eagar ar Wikidata

Neamhord annamh a chuireann isteach ar an néarchóras imeallach, ina gcailltear feidhmiú na colainne de réir a chéile é Siondróm Guillain-Barré. Ní hionann a dhéine i ngach cás, ach de ghnáth bíonn sé inchúlaithe go hiomlán. De réir dealraimh, leanann ionfhabhtuithe víreasacha, go mór mór i gconair na riospráide, de bhrí go dtarlaíonn freagairt uathimdhíonach, spreagtha ag an ionfhabhtú, a ionsaíonn na néarchealla is a mhilleann an cumhdach miailine a imchlúdaíonn iad, atá riachtanach do tharchur na néar-ríog. Is é an t-airí cliniciúil is minice a tharlaíonn pairilis ascnamhach shiméadrach, ach tarlaíonn cliseadh mothaithe, cailliúint rialú ainneonach bhrú na fola, agus rialú na putóige is an lamhnáin. Mar chóireáil, coinnítear feidhmeanna beo an othair le linn an ghalair ghéir. Uaireanta lagaítear an fhreagairt uathimdhíonach le stéaróidigh nó plasmafairéis. Tagann an chuid is mó d'othair chucu féin taobh istigh de chúpla seachtain. Is féidir le hothair atá pairilisithe go hiomlán teacht slán, fiú, ach bíonn laige iarmharach ar chuid bheag acu go ceann blianta ina dhiaidh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]