Siondróm/teannas réamh-mhíosta
Riocht ina dtarlaíonn siomptóim éagsúla i leith míostraithe a chuireann isteach ar an ngnáthbheatha. Leanann sé ar feadh tréimhsí éagsúla freisin, agus bíonn gnéithe fisiciúla (mar shampla, ceangailteacht, pian sa bholg, plúchadh, codladh suaite) is meabhracha (mar shampla, lasántacht, marbhántacht, dúlagar) leis. Ní thosaíonn sé ag tús an chaithreachais. Ní fios cén fáth a dtarlaíonn sé, ach meastar go dtagann fachtóirí bitheolaíocha, sóisialta is síceolaíocha san áireamh. Úsáidtear síciteiripe, hormóin próigeistéaróin agus drugaí fualbhrostacha chun na siomptóim a mhaolú.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |