Ceangailteacht
Jump to navigation
Jump to search
Folmhú annamh is deacair na putóige. Athraíonn an tréímhse idir folmhuithe go mór i ndaoine sláintiúla. Má bhíonn níos mó ná 3 lá gan folmhú, agus go príomha má bhíonn an folmhú deacair ansin, is féidir go bhfuil ceangailteacht ag duine. Tarlaíonn sí mar thoradh ar thrasdul moillithe an fhaecais tríd an stéig mhór (an drólann) nó a choinneáil sa reicteam de bharr snáithín uireasach cothaithe, doghluaiseachta, galar stéige (cosúil le díbhéartaiclíteas), nó neamhord eile cosúil le hipitíoróideacht.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |