Jump to content

Drólann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtDrólann
Sonraí
Laidincolon
Cuid deputóg mhór
Aitheantóirí
MeSHD003106
TAA05.7.03.001
FMA14543 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/colon-anatomy
Téarmaíocht anatamaíoch

Tá an drólann[1] lonnaithe san abdóman. Is cuid é den chóras díleáite an choirp. Téann an bia tríd an drólann tar éis é a dul tríd an stéig bheag agus sula bhfaightear réidh leis ón gcorp. Is é príomhchúspóir na drólainne ná an chuid deireadh den t-uisce a shú isteach san fhuil.

Anatamaíocht
Físeán: "This is Personal"

Tá ceithre chuid den drólann ann. Ó thús go deireadh is iad: an drólann ardaitheach, an drólann trasnaitheach, an drólann íslítheach agus an drólann sigmóideach.

Tá an drólann ardaitheach agus íslitheach go hiomlán clúdaithe ag seicin thiar an abdóman: an peirtanéim. Tá an chuid eile den drólann ceangailte seicin dúbáilte darbh ainm an méisenteire. Tá an méid seo den drólann in ann bogadh píosa.

Tar éis don bhia a thaisteal trí an réimse seo, téann sé sa reicteam, áit a bhfanann sé sula scaoiltear leis ón anas mar fhaecas.

Ionscópacht ar an drólann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is bealach iontach é ionscópacht chun ailse drólainne agus riochtaí eile sláinte a dhiagnóisiú.[2][3][4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, colon
  2. Nuacht RTÉ (2025-07-29). "Breis agus 28 lá caite ag 2,700 othar ag fanacht ar ionscópacht" (as ga-IE).
  3. "Morning Ireland" (en). RTE Radio (2025-07-18). Dáta rochtana: 2025-07-30.
  4. bowelscreen.ie. "Ionscópacht". Dáta rochtana: 2025.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]