Siofón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bealach chun leacht a aistriú ó umar ag leibhéal amháin go dtí leibhéal níos ísle le feadán, go minic thar bhac éigin. Líontar an feadán ar dtús leis an leacht, tumtar ceann amháin de sa leacht san umar ard, agus cuirtear an ceann eile níos ísle ná barr an leachta san umar sin is isteach san umar íseal. Ansin taoscann an leacht amach ón bhfeadán ag an leibhéal íseal. Ritheann an leacht tríd an bhfeadán trí dhomhantarraingt ag ráta atá i gcomhréir leis an difríocht leibhéil idir barr an leachta san umar uachtarach is ceann íochtarach an fheadáin, is cuma cén airde a bhíonn ag an bhfeadán ar feadh a chúrsa.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Siofón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 601.