Jump to content

Siobhán Ní Ghadhra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSiobhán Ní Ghadhra
Beathaisnéis
BreithDeireadh Fómhair 1976
47 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmduine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1628527 Cuir in eagar ar Wikidata

Bean gnó, léiritheoir teilifíse agus Cathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta is ea Siobhán Ní Ghadhra.[1] Mar léiritheoir, tá gradaim bainte amach aici, dhá ghradam Emmy ina measc, i réimse na teilifíse, na beochana agus sa chraoladh beo.[2]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Ní Ghadhra tús lena saol gairmiúil i stiúideo an déantóra scannán Roger Corman i gConamara agus ceapadh í mar Phríomhoifigeach Oibriúcháin le Telegael in 2012. Ba chomhalta í ar Údarás Craolacháin na hÉireann idir 2010 -15, agus thug sí seal bhord an Blue Teapot Theatre Company agus ar Bhord Straitéise Seachtraí Ollscoil na Gaillimhe.

Sa bhliain 2015, bhunaigh sí Danú Media (a cheannaigh EoTeilifís).

Is comhalta í faoi láthair ar bhord TG4 agus ar bhord Dheasc Eoraip Chruthaitheach i nGaillimh.

Ceapadh Ní Ghadhra ina Cathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta ar an 27 Meitheamh 2024. D’éirigh Mary Uí Chadhain as an ról mar chathaoirleach ag deireadh na bliana 2023.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Siobhán Ní Ghadhra – Danú Media". web.archive.org (2024-06-27). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-27. Dáta rochtana: 2024-06-27.
  2. 2.0 2.1 Pádraic Ó Ciardha (26 Meitheamh 2024). "Cathaoirleach nua ceaptha ar Bhord Údarás na Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-27.