Sima Qian

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSima Qian

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(zh-hans) 司马迁
(zh-hant) 司馬遷
Beathaisnéis
Breith145 "RCh" (<135 "RCh")
Hejin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás86 "RCh" (>87 "RCh")
58/59 bliana d'aois
Teanga dhúchaisAn tSínis
Gníomhaíocht
Réimse oibreStair na Síne
Gairmstaraí, fealsamh, matamaiticeoir, astralaí, file, scríbhneoir, réalteolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSínis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáisteSima Qian's daughter (Yang Bis wife) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSima Tan

Staraí sa tseanSín ab ea Sima Qian (Sínis thraidisiúnta: 司馬遷; Sínis shimplithe: 司马迁; pinyin: Sīmǎ Qiāna; 145 nó 135 RC – 86 RC). Scríobhtaí a ainm mar Ssu-ma Chien i dteangacha an iarthair agus sin a fheictear in go leor seanleabhar faoi stair na Síne. In Xiayang, Cúige Shaanxi, in iarthuaisceart bunlimistéir na Síne, a rugadh é. Scríobh sé le linn an rítheaghlach Han. Athair Staireolaíocht na Síne a thugtar air go minic as a mhórshaother, Shĭjì. "Oiris an staraí" an chiall leis sin, gí go mbíonn sé mar nós é a aistriú go teangacha eile mar "Oiris an staraí mhóir". Is é a bhí sa Shĭjì ná stair na Síne á léiriú trí mheán sraith bheathaisnéisí.

Tharla athair Sima Qian, Sima Tan, ag obair i gcúirt an impire. (Tá Sima ar an dornán sloinnte déshiollacha sa tSínis). I ndiaidh turas na Síne a thabhairt, chuaigh an mac ann freisin mar a ndeachaigh sé ag obair faoina athair. An tAstralaí Mór (太史令; Tàishǐ Lìng)an teideal a bhí air, agus ríomh an fhéilire don bhliain le teacht an dualgas a bhí aige.