Stair na Síne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Neaschríocha a bhíodh fé smacht Ríshleachta agus stáit na Síne le linn stair na tíre.

Tá an tSín ar cheann desna sibhialtachtaí is ársa ar domhan. Téann taifid scríte de stair na Síne chomh fada siar le 1500 RCh[1][2], le linn Ríshliocht Shang (c. 1600 – 1046 RC).[3] Déanann téacsanna stairiúla ársa de chuid na Síne, cosúil le Taifid an Staraí Mhóir (c. 100 RCh) agus na hAnnála Bambú, tagairt ar ríshliocht ar a dtugaid Ríshliocht Xia (c. 2070 – 1600 RCh), ríshliocht a bhí ann roimh Ríshliocht Shang ach a bhí gan chóras scríbhneoireachta ar mheán marthanach.[3][4]

Deirtear gurbh í an Huang He (Gaeilge: ‘An Abhainn Bhuí’) tobar shibhialtacht na Síne, cé gur tháinig cultúir éagsúla chun cinn le linn na tréimhse Neoilití in áiteanna éagsula feadh ghleann na hAbhann Buí agus na Chang Jiang (Gaeilge: ‘An Abhainn Fhada’) araon. Is ceann amháin de na háiteanna ar a dtugtar tobair na sibhialtachta an tSín.[5][6]

Forbraíodh cultúr, litríocht agus fealsúnacht na Síne le linn Ríshliocht Zhou (1046 – 256 RCh). Do thráigh neart an ríshleachta san 8ú gcéad RCh, áfach, de thoradh brúnna a tháinig ón dtaobh amuigh agus ón dtaobh istigh. I ndeireadh thiar thall do thit Ríshliocht Zhou as a chéile agus do tháinig neart stát beag ina áit. Ba le linn Thréimhse na nEarrach agus na bhFómhar a thosnaigh an cliseadh sin agus do bhí sé ag a bhuaicphointe le linn Thréimhse Chogaí na Stát. Ba Thréimhse Chogaí na Stát ceann amháin de na tréimhsí i gcaitheamh stair na Síne inar theip ar an gcóras stáit – is é Cogadh Cathartha na Síne, a thosnaigh sa bhliain 1927, an tréimhse is déanaí dá leithéid.

Idir réanna nuair a bhíodh ríochtaí iomadúla i gcumhacht agus réanna eile nuair a bhíodh taoisigh chogaidh i gcumhacht, do bhíodh ríshleachta Síneacha i gceannas ar an Sín ina hiomlán nó ar chodanna di – do bhíodh tréimhsí stairiúla ann, leis, ina raibh an tSín i gceannas ar an réigiún ar a dtugtar Xinjiang (Gaeilge: ‘Na Tiarnais Nua’) agus ar an dTibéid, rud atá fíor fé láthair mar shampla. Ba sa bhliain 221 RCh a d’éirigh le fear darb ainm Qin Shi Huang na stáit bheaga a bhíodh i gcoimhlint le chéile a aontú. Ó tharla go raibh seisean i gceannas na tíre go léir, do chruthaigh Qin Shi Huang teideal nua dó féin: Huangdi (Gaeilge: ‘Impire’). Ba é Qin Shi Huang an chéad Impire de chuid Ríshliocht Qin agus dob eisean a chuir tús leis an Ré Impiriúil de stair na Síne. Do shaothraigh na ríshleachta a tháinig i ndiaidh Ríshleachta Qin córais mhaorlathacha a chuireadh ar chumas Impire na Síne a údarás a chur i bhfeidhm caol díreach ar fud na gcríocha ollmhóra a bhí faoina smacht. Ba é Ríshliocht Qing (1644 – 1912) – nó Ríshliocht Manchu, mar a thugtar air leis – an ríshliocht deireanach a bhí i gceannas ar an Sín. Tháinig Poblacht na Síne i gcumhacht sa bhliain 1912 ach do chúlaigh rialtas na Poblachta siar chuig oileán na Téaváine sa bhliain 1949, bliain inar tháinig na Cumannaithe i gcumhacht ar mhórthír na Síne agus inar mbunaíodar Daon-Phoblacht na Síne.

Is iad na Maorlathaithe léannta, nó na Scoláirí maorlathacha (Sínis: 士大夫 ; pinyin: shì dàfū), a bhíodh ag plé le gnáth-chúramaí riaracháin ar feadh na tréimhse fada ón mbliain 206 RCh go dtí AD 1912. Bhaintí úsáid as chóras scrúduithe deacra chun fir óga chumasacha a roghnú chun bheith ina Maorlathaithe léannta, agus do bhídís an-eolach ar an gcallagrafaíocht agus ar an bhfealsúnacht dá bharr. Is é an gnáth-dhearcadh atá ag daoine ar stair na Síne ná go n-athraíonn sí ó thréimhsí d’aontacht pholaitiúil go tréimhsí gan aontacht pholaitiúil, agus go mbíonn tréimhsí ann ina bhfuil an tSín fé cheannas mhuintir na steipe. Is é a tharlaíodh sa deireadh, áfach, ná go nglacadh na strainséirí sin le gnásanna agus nósanna mhuintir na Síne. Tá tionchair pholaitiúla agus chultúrtha ina ndlúthchuid de chultúr na Síne sa lá atá inniu ann. Tagann na tionchair sin ó áiteanna eile na hÁise agus ón Iarthar de thoradh babhtaí inimirce, comhshamhlaithe chultúrtha agus teagmhála leis an ndomhan mór.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. William G. Boltz, Early Chinese Writing, World Archaeology, Vol. 17, No. 3, Early Writing Systems. (Feb., 1986), pp. 420–436 (436). [i mBéarla]
  2. David N. Keightley, "Art, Ancestors, and the Origins of Writing in China", Representations, No. 56, Special Issue: The New Erudition. (Autumn, 1996), pp.68–95 (68) [i mBéarla]
  3. 3.0 3.1 "Public Summary Request Of The People's Republic Of China To The Government Of The United States Of America Under Article 9 Of The 1970 Unesco Convention". Bureau of Educational and Cultural Affairs, U.S. State Department. Curtha i gcartlann ón mbunleagan don 15ú Mí na Nollag 2007. [i mBéarla]
  4. "The Ancient Dynasties". [i mBéarla]
  5. "China country profile". [i mBéarla]
  6. Cradles of Civilization-China: Ancient Culture, Modern Land, Robert E. Murowchick, gen. ed. Norman: University of Oklahoma Press, 1994 [i mBéarla]

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]