Sibéal Davitt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSibéal Davitt
Beathaisnéis
Breithc. 1989
34/35 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcóiréagrafaí, damhsóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Damhsóir sean-nóis agus nua-aimseartha, cóiréagrafaí agus pearsa teilifíse Éireannach í Sibéal Davitt. D’fhás Sibéal Davitt aníos gar do lár chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sí ina cónaí i gceantar Bhaile Átha Cliath 8. Chuaigh sí chuig Gaelscoil Bhríde i Raghnallach agus bhí Gaeilge aici sa bhaile freisin.[1]

Baineann Davitt an-úsáid as an tobchumadóireacht ina saothar. Nuair a bhí sí sna déaga a tháinig sí trasna i gceart ar an damhsa ar an sean-nós. Thosaigh sí ag glacadh páirt i gceardlanna damhsa ar an sean-nós le damhsóirí ar nós Mick Mulkerrins agus Róisín Ní Mhainín. Thart ar an am sin a chuala sí caint ar an gcomórtas damhsa ar an sean-nós (Steip) ag Oireachtas na Samhna.

Lean Sibéal uirthi ag dul san iomaíocht sna comórtais damhsa ar an sean-nós ag an Oireachtas ar feadh ceithre bliana ina dhiaidh sin. Deir sí gur bhain sí an-taitneamh as a bheith ag glacadh páirt sna comórtais ach go raibh sí ag iarraidh sos a thógáil tar éis tamaill.

Bhí sí ag dul ar an ollscoil i gColáiste na Tríonóide nuair a chuala sí faoin gclár Glas Vegas a léirigh Adare Productions do TG4. Seó tallainne a bhí ann ina raibh deis ag duine de na hiomaitheoirí turas go Las Vegas a bhuachan agus taispeántas a chur i láthair spotálaithe tallainne Meiriceánacha. Chuir Davitt isteach ar an gcomórtas, bhuaigh sí é agus rinne sí an turas go Las Vegas.

Rinne Davitt staidéar ar an nGaeilge agus ar léann na scannán san ollscoil agus i rith an ama sin bhí sí ag damhsa leis an gcomhlacht damhsa comhaimseartha Coiscéim i mBaile Átha Cliath.

Is mar thoradh ar mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon a cruthaíodh an seó Minseach. D’oibrigh Davitt leis an scríbhneoir agus aisteoir Caitríona Ní Mhurchú agus an t-ábhar á fhorbairt aici.

De réir mar a éiríonn sí níos sine deir Davitt go bhfuil a cuid damhsa faighte níos saoráidí agus níos fisiciúla agus go bhfuil tábhacht leis an tsaoirse sin do mhná.

Bhain sí máistreacht amach sa Rince Comhaimseartha in Ollscoil Luimnigh in 2014. Ó shin i leith tá sí ag cruthú, i mbun cóiréagrafaíochta agus páirteach i raon leathan imeachtaí in Éirinn agus thar lear. Rinneadh coimisiúnú uirthi i mBaile Átha Cliath agus i Marseille agus tá obair déanta aici le Kristyn Fontanella agus Olwyn Lyons. I mí Lúnasa 2019 Davitt a bhí mar chóiréagrafaí don léiriúchán de Ask Too Much Of Me a bhí faoi stiúir Veronica Coburn in Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath.[2][3][4][5][6]

Sa bhliain 2014 bronnadh Sparánacht na Comhairle Ealaíon do na hEalaíona Traidisiúnta ar Davitt. Bronnadh ceann de na chéad Ghradaim Markievicz uirthi sa bhliain 2019. Sa bhliain 2020 ba Ealaíontóir Comhlach le Dance Ireland í.[2][7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://tuairisc.ie/an-bhfuil-praghas-ag-baint-le-siamsaiocht-a-dheanamh-de-na-healaiona-duchasacha/
  2. 2.0 2.1 "Sibéal Davitt".
  3. "The Celtic Cool Girl’s Guide to Dublin".
  4. "Bodily autonomy and inequality: women dance around the Proclamation".
  5. Barry, Aoife (2020-07-09). “"You don't do it down the supermarket": An Irish lawyer on taking up contemporary dance classes”. Dáta rochtana: 2020-07-09.
  6. "The Bonny Men debut haunting new video".
  7. "First winners of €20,000 arts awards to mark Countess Markievicz announced".