Siar ón Bhanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tuaisceart Éireann scroichte in dhá chuid (an réigiún Siar ón Bhanna le dath dearg air), le hAbhainn na Banna (gorm), Na Beanna Boirche (donn)

Is téarma coitianta é Siar ón Bhanna (Béarla: West of the Bann) a chuireann síos ar réigiún iarthar Thuaisceart Éireann, ar an taobh siar den Bhanna (abhainn a ritheann tríd an chúige aneas ó thuaidh). Is téarma é atá in úsáid ag lucht polaitíochta an Tuaiscirt chun tagairt a dhéanamh do áiteanna ina bhfuil formhór an phobail ina gCaitlicigh nó ina náisiúnaigh.

Go stairiúil is í an chuid soir ón abhainn é an talamh talmhaíochta is fearr in Ulaidh (agus is dócha in Éirinn), agus is ansin a chónaíonn an chuid is mó de dhaoine Phrotastúnacha agus aontachtóirí sa tír go dtí an lá atá inniu ann.

Deir polaiteoirí náisiúnacha i dtólamh gur é an réigiún seo, atá siar ón Bhanna, an leath is boichte de Thuaisceart Éireann, mar gheall ar easpa infheistíochta le fada. Ní mar oirthear an chúige atá sé - áit a bhfuil naisc iontacha gasta aige leis An Bhreatain Mhór. Ní hé amháin go mbíonn m.sh. Cathair Dhoire scoite amach ón chuid eile den Ríocht Aontaithe, ach go bhfuil sé sroichte ón chuid eile d'Éirinn (Contae Dhún na nGall go fiú) ó thaobh an gheilleagair de.