Jump to content

Saorstát Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Shaorstát Éireann)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSaorstát Éireann
Irish Free State (en)
Saorstát Éireann (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnAmhrán na bhFiann Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 20′ 52″ N, 6° 15′ 35″ O / 53.347777777778°N,6.2597222222222°W / 53.347777777778; -6.2597222222222

PríomhchathairBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Teanga oifigiúilan Ghaeilge
Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síPoblacht na hÉireann, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann agus Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 6 Nollaig 1922Home rule (en) Aistrigh (An Conradh Angla-Éireannach)
Díscaoileadh29 Nollaig 1937
Á leanúint agÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachOireachtas Shaorstát Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrapunt Éireannach Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil

Is é Saorstát Éireann an stát a bunaíodh i sé chontae fichead na hÉireann, ar an 6 Nollaig 1922, i ndiaidh shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh. Mhair an Saorstát go dtí gur tháinig Bunreacht na hÉireann i bhfeidhm sa bhliain 1937.

Bhí rí Shasana ina cheann stáit ar an Saorstát, agus Seanascal Shaorstát Éireann ina ionadaí aige sa stát. Chaithfeadh na Teachtaí Dála móid dílseachta a mhionnú don Rí sula nglacfaidís a suíocháin sa Dáil.

Ar an 6 Nollaig 1922, ghlac an rialtas le forálacha an Chonartha Angla-Éireannaigh agus rinneadh tiarnas de chuid Impireacht na Breataine d’Éirinn go hoifigiúil.[1] Ceaptar LT Mac Cosgair ina Uachtarán ar Ard-Chomhairle Shaorstát Éireann.

Cé go raibh stádas an Tiarnais ag an Saorstát, bhí níos mó saoirse aige ná ag na Tiarnais eile. Éireannach ab ea an Seanascal, ach muintir isteach ab ea na Gobharnóirí Ginearálta sna tiarnais eile, fir uaisle Ghallda ón mBreatain Mhór de ghnáth.

Theastaigh ó na hÉireannaigh poblacht a chur ar bun mar sin féin, agus rinne rialtas an tSaorstáit a ndícheall leis an gcuspóir sin a bhaint amach seachas cogadh nua a tharraingt anuas ar an tír.

Sa bhliain 1931, d'achtaigh Parlaimint na Ríochta Aontaithe an reacht ar ar tugadh Reacht Westminster; bhí na tiarnais éagsúla a gcuid dlíthe féin a reachtú beag beann ar an mBreatain Mhór.

Ghlac lucht rialtais na hÉireann buntáiste ar an reacht seo lena mbunreacht féin a chur i bhfeidhm, Bunreacht na hÉireann, sa bhliain 1937.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. COBÁC (ucd.ie) (2013). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2022.