Shan Mohangi
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | an Afraic Theas |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dúnmharfóir |
Is dúnmharfóir ón Afraic Theas é Shan Mohangi a tharraing míchlú air féin in Éirinn sna 1960dí.
Mac léinn leighis (22 bliana d'aois) i gColáiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn a bhí ann nuair a mharaigh sé cailín óg, Hazel Mullen, sa bhialann The Green Tureen sa bhliain 1963. Tharraing an cás go leor cainte is conspóide toisc gur bhain sé corp an chailín, a bhí 16 bliana déag ag an am, óna chéile.
Rinne Mohangi iarracht fáil réidh leis an gcorp trí chócaireáil a dhéanamh air, a cloigeann san áireamh, san oigheann sa bhialann ag 95 Shráid Fhearchair. Bhí sé ag obair ann mar chócaire. Chaith sé ceithre bliana sa phríosún as an 7 mbliana a daoradh air.[1]
Saol nua
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ciontaíodh é as dúnorgain faoi dheireadh. Cuireadh ar ais chun an Afraic Theas é timpeall 1967
D'athraigh sé a ainm go Narentuk Jumuna thall. D'éirigh go maith leis sa ghnó i Natal (a fhód dúchais). Bhí sé ag iarraidh seasamh mar MP i dTeach na dTeachtaí sa bhliain 2009 nuair a thángthas ar scéal an dúnmharaithe, agus b’éigean dó tarraingt siar.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shan Mohangi, 95 Harcourt Street le Kevin Higgins.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Politician exposed as man behind grisly Irish killing" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-04-29.
- ↑ Bill Corcoran. "Shan Mohangi's Dublin past comes back to haunt him" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-04-29.