Sergey Korolyov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sergey Korolyov

Ceannródaí roicéad is innealtóir aeraspáis a rugadh i Zhitomir na hÚcráine ab ea Sergey Pavlovich Korolyov (12 Eanáir 190730 Nollaig 1966). D'fhorbair sé an chéad diúracán balaistíoch idirilchríochach Sóivéadach, agus bhí ina cheannaire ar an gclár spáis Sóivéadach.

Chaith Korolyov 6 bliana i ngéibhinn ag tosnú sa bhliain 1938 as bac a chur ar dul chun cinn chlár roicéad an Aontais Shóivéadaigh agus cúbláil a dhéanamh ar chiste na heagraíochta poiblí ina raibh sé ag obair, ach déanta na fírinne chaith sé an t-airgead ar thástáil roicéad gan aon rath. Tugadh a chlú ar ais dó sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda de réir mar a aithníodh a shárchumas mar dhearthóir roicéad. Sa bhliain 1952 rinneadh ball den Pháirtí Cumannach de, agus ar 19 Aibreán 1957 d'aithin an stát nach raibh aon bhunús riamh leis na coireanna a cuireadh ina leith le linn feachtas polaitiúil na 1930idí.

Faoin na 1960idí ní raibh aon duine níos tábhachtaí ná é i gcóras aeraspáis na Sóivéadach agus iad i gcomórtas leis na Stát Aontaithe, "Rás an Spáis" mar a thugadh air. "An Príomhdhearthóir" a thugtaí air ar eagla go mbeadh a fhios ag rialtas Mheiriceá cérbh é agus go maróidís é.

Eisíodh an stampa seo in onóir Korolyov sa bhliain 1969, rud a thaispeánann a thábhacht don Aontas Sóivéadach.