Jump to content

Seon Carsuail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeon Carsuail
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Seon Carsuel Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1522
Cille Mhàrtainn, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1572
49/50 bliana d'aois
Ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOilthigh Chill Rìmhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsagart Cuir in eagar ar Wikidata

Préaláid, daonnachaí agus leasaitheoir Protastúnach ba ea an tAlbanach Seon Carsuail (c. 1522 – 1572). Fuair sé oideachas an-mhaith agus chuaigh faoi réir Mhic Chailein Mhòir in Earra-Ghàidheal, é ag teagasc a mhic siúd agus ag fáil beinifísí tríd, go háirithe Easpagóideacht Inse Ghall in 1565. Bhí tábhacht leis i stair Ghaeilge na hAlban, mar gurb eisean a chuir Foirm na n-Urrnuidheadh, aistriúchán den Book of Common Order, i gcló, an chéad saothar a clóbhuaileadh in aon teanga Ghaeilge.

Is dócha gur fáisceadh muintir Charsuail as Corsewall i Siorrachd Bhaile na h-Ùige in iarthar Ghall-Gàidhealaibh, áit ar leis na Caimbéalaigh í.[1] Ba í an Ghaeilge gnáth-theanga na ndaoine fós sa chuid is mó den Siorrachd sa chéad chuid den 16ú haois.[2] Ní dóichí rud de ná gur rugadh Carsuail féin i Rinn Ghall-Ghàidhealaibh.[3]

Is cosúil go bhfuair Carsuail oideachas i scoil éigse sula ndeachaigh sé ar Ollscoil Chill Rìmhinn in 1540; rinneadh Máistir Ealaíon de in 1544 nó in 1545.[4]

Tá fianaise ann gur thaobhaigh sé le Domhnall Dubh MacDòmhnaill nuair a d’éirigh sé sin amach ag éileamh theideal caillte Rìgh Innse Ghall. Is cosúil, áfach, gur ghearr gur thaobhaigh sé Gilleaspaig Ruadh Caimbeul, 4ú hIarla Earra-Ghàidheal.[1]

Rinneadh Séiplíneach an Iarla de Charsuail, agus is dócha gurbh é an caidreamh seo aige ar an Iarla a lig dó post an Chisteora ag Ardeaglais Lise Mòire a fháil faoi Dheireadh Fómhair 1551.[5] Ceapadh é mar shagart paróiste Chill Mhàrtainn in 1553.[1] Is cosúil go raibh bá ag Carsuail leis an bProtastúnachas faoin am seo, agus bhí Ghilleaspag Ruadh féin ina Phrotastúnach. B’fhéidir gur thiontaigh sé siúd chomh luath le 1536, nuair a thug sé cuairt ar an bhFrainc.[6] Cheap sé Carsuail ina oide ar an mac ba shine aige, Gilleaspaig eile.[7]

Caisleán Chàrn Àsaraidh

Nuair a tháinig Gilleaspaig óg i réim, rud a tharla in 1558, thug sé Caisleán Chàrn Àsaraidh do Charsuail ar iontaoibh, agus thug Caisleán Chreignise dó in 1560.[1] Mhéadaigh Carsuail Caisleán Chàrn Àsaraidh go mór.[8] In 1558 fuair Gilleaspaig post do Charsuail mar Sheansailéir an tSéipéil Ríoga.[9]

Préaláid Phrotastúnach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Parlaimint Albanach an Reifirméisin le chéile in 1560 agus in 1561 ceapadh Carsuail mar Mhaor Protastúnach Earra-Ghàidheal agus Inse Ghall.[10] In 1565 thug Máire I, Banríon na nAlbanach, teacht isteach Easpagóideacht Inse Ghall agus Mhainistir Í dó.[11] Faoi dheireadh a shaoil bhí tailte faighte aige ar fud iarthar na tíre, agus dúirt rann ina thaobh go raibh "sgròban lom gionach farsaing" (eagaois lom cíocrach fairsing) aige.[1]

Foirm na n-Urrnuidheadh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é ina Easpag ar Inse Ghall chuir Carsuail Foirm na n-Urrnuidheadh á foilsiú.[1] Bhí an leabhar seo bunaithe ar eagrán Albanach den Book of Common Order a foilsíodh in 1564, agus bhí leagan Charsuail ina aistriúchan a bheag nó a mhór. Tá dán ann le Carsuail.[1] D’fhoilsigh Robert Lekprevik an leabhar seo ar an 24 Aibreán 1567 i nDún Éideann agus é ar an gcéad saothar a cuireadh i gcló riamh i nGaeilge na hAlban, na hÉireann nó Mhanann.[12] Bhí sé scríofa le litriú léannta na n-éigse, agus áitítear go ndeachaigh litriú an tsaothair seo i bhfeidhm ar litriú Ghaeilge na hAlban níos déanaí.[13] Ba chuid suntais é chomh maith toisc gur bhain Carsuail feidhm as prós léannta i gcomhair ábhar neamhlaochta.[14] Bhí gearán déanta cheana ag Carsuail faoi scríbhneoirí Gaeilge a scríobh scéalta baotha saolta faoi Thuatha Dé Danann agus faoi laochra i bhfinscéalta chun cúiteamh a fháil.[15]

Deireadh beatha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Carsuail iníon le Hamilton ó Halcraig, agus bhí mac amháin ar a laghad acu; ba í Mairead Chaimbeul an dara bean aige, agus is cosúil go raibh iníon acu. Fuair sé bás idir an 21 Meitheamh agus an 4 Meán Fómhair 1572; cuireadh é i Mainistir Àird Chatain in Earra-Ghàidheal.[16]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 Stiùbhart, "Carswell, John [Séon Carsuel] (c.1522–1572)".
  2. Lorimer, "Persistence of Gaelic in Galloway and Carrick", lgh 114-36.
  3. Black, Ronald, "The Gaelic Literature of Galloway: 'Òran Bagraidh' and Willie Matheson", in Ansell, Michael, Black, Ronald & Cowan, Edward J. (eds.) (2022), Galloway: The Lost Province of Gaelic Scotland, John Dewar Publishers Ltd., lgh 225 - 264, Teimpléad:Isbn
  4. Stiùbhart, "Carswell, John [Séon Carsuel] (c.1522–1572)"; Wormald, Court, Kirk and Community, lch 63.
  5. Stiùbhart, "Carswell, John [Séon Carsuel] (c.1522–1572)"; Watt & Murray, Fasti Ecclesiae, lch 46.
  6. Dawson, "Campbell, Archibald, fourth earl of Argyll (1498–1558)".
  7. Dawson, "Campbell, Archibald, fourth earl of Argyll (1498–1558)"; Dawson, "Campbell, Archibald, fifth earl of Argyll (1538–1573)".
  8. MacInnes, "Castles and Mansions", lch 197.
  9. Stiùbhart, "Carswell, John [Séon Carsuel] (c.1522–1572)"; Watt & Murray, Fasti Ecclesiae, lch 438.
  10. Watt & Murray, Fasti Ecclesiae, lch 267.
  11. Watt & Shead, Heads of Religious Houses, lch 115.
  12. Meek, "Scots-Gaelic Scribes", lgh 263-4; Wormald, Court, Kirk and Community, lch 63.
  13. Meek, "Scots-Gaelic Scribes", lgh 263-4.
  14. Ó Baoill, "Scots-Gaelic Interface", lch 558.
  15. Féach Shaw, "Oral Traditions", lch 216.
  16. Stiùbhart, "Carswell, John [Séon Carsuel] (c.1522–1572)"; Watt & Murray, Fasti Ecclesiae, lch 267.
  • Black, Ronald, "The Gaelic Literature of Galloway: 'Òran Bagraidh' and Willie Matheson", in Ansell, Michael, Black, Ronald & Cowan, Edward J. (eds.) (2022), Galloway: The Lost Province of Gaelic Scotland, John Dewar Publishers Ltd., pp. 225 - 264, Teimpléad:Isbn
  • Dawson, Jane E. A., "Campbell, Archibald, fourth earl of Argyll (1498–1558)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004 , accessed 25 Jan 2008
  • Dawson, Jane E. A.,"Campbell, Archibald, fifth earl of Argyll (1538–1573)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, Sept 2004; online edn, Jan 2008 , accessed 25 Jan 2008
  • Lorimer, W. L., "The Persistence of Gaelic in Galloway and Carrick", in Scottish Gaelic Studies, VI.2 (1949), pp. 114–36
  • MacInnes, Ranald, "The Castles and Mansions of Argyll", in Donald Omand (ed.), The Argyll Book, (Edinburgh, 2004), pp. 190–204
  • Meek, Donald E., "The Scots-Gaelic Scribes of Late Medieval Perthshire: An Overview of the Orthography and Contents of the Book of the Dean of Lismore", in Janet Hadley Williams (ed.), Stewart Style, 1513-1542: Essays on the Court of James V, (East Linton, 1996), pp. 254–72
  • Ó Baoill, Colm, "The Scots-Gaelic Interface", in Charles Jones (ed.), The Edinburgh History of the Scots Language (Edinburgh, 1997), pp. 551–568
  • Shaw, John, "Oral Traditions/Folklore of Argyll", in Donald Omand (ed.), The Argyll Book, (Edinburgh, 2004), pp. 213–22
  • Stiùbhart, Domhnall Uilleam, "Carswell, John [Séon Carsuel] (c.1522–1572)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004 accessed 24 Jan 2008
  • Wormald, Jenny, C