Seasamh na dTréan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Chum Herbert Spencer an frása 'Seasamh na dTréan'

Is frása é Seasamh na dTréan a úsáidtear go coitianta i gcomhthéacsanna nó chun críocha eile seachas a bhí ceaptha ag an bheirt a chéad mhol an téarma, an t-ileolaí agus fealsamh Herbert Spencer agus Charles Darwin. Ba é Herbert Spencer a chéad úsáid an téarma- tar éis dó an leabhair le Charles Darwin 'On the Origin of Species' i bPrionsabail na Bitheolaíochta (1864) a léamh. Cheap Spencer go raibh smaointe comhthreomhar aige ó thaobh na heacnamaíochta de agus teoiric na héabhlóide ag Charles Darwin. Scríobh Spencer:

" An 'Seasamh na dTréan' seo a bhí mé ag iarraidh a chur in iúl i dtéarmaí mheicniúil, is ea an rud céanna ar a thug an tUasal Darwin 'roghnú nádúrtha', nó caomhnú ciníocha barr fabhair sa streachailt ar son an tsaoil."
("This survival of the fittest, which I have here sought to express in mechanical terms, is that which Mr. Darwin has called 'natural selection', or the preservation of favoured races in the struggle for life.")