Seangán duillghearrtha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Seangán a itheann fungais, ag maireachtáil i siombóis leo le 25 milliún bliain. Caitheann siad a gcuid ama ag gearradh duilleog glas is á gcogaint, ag cothú na bhfungas a chlúdaíonn ballaí a logán le duilleoga coganta. Ramhraíonn na fungais as cuimse. Bíonn dreamanna seangán (seangáin oibre) ag tabhairt aire do na barra fungas taobh istigh dá nead ithreach, á ngortghlanadh is á mbaint ag am cuí chun na larbhaí is an treibh i gcoitinne a chothú. Faightear iad sna trópaicí sa Domhan Úr.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Seangán duillghearrtha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 589.