Seangán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSeangán
Formicidae Cuir in eagar ar Wikidata

Iridomyrmex purpureus Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdHymenoptera
ForfhineFormicoidea
FineFormicidae Cuir in eagar ar Wikidata
Latreille, 1809
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósgearradh agus Formica Cuir in eagar ar Wikidata

Is feithid é an seangán. Ball d'fhine na Formicidae atá ann. Tá siad gaolta leis na beacha agus leis na foichí.

Tháinig an seangán ar an bhfód idir 110 agus 130 milliún bhliain ó shin. Tá seangáin ina gcónaí i ngach cuid den domhan ach amháin Antartaice agus oileáin áirithe.

Tá ról an-tábhachtach ag an seangán sa ghairdín. Bogann siad tríd an gcré, agus mar sin, cuireann siad aer ann. Cabhraíonn sé seo le fás na bplandaí.

Sa bhliain 2022, rinne taighdeoirí staidéar chun líon na seangán ar an bpláinéad a mheas. Is cosúil go bhfuil ar a laghad 20 cuaidrilliún seangán ar Domhan. Ciallaíonn seo go bhfuil ar a laghad 20,000,000,000,000,000 acu ann.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. maynoothuniversity.ie (4 Deireadh Fómhair 2022). "ELeathanach 417".