Seandálaíocht na Síne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Thángthas ar na hiarsmaí antrapóideacha Síneacha is seanda gar do Xian chomh déanach le 1964. Aimsíodh na hiarsmaí homainideacha is seanda ar Domhan, le fianaise ar chóras beatha, gar do Bhéising sna 1920idí. Léirigh na hiarsmaí go raibh sinsir na Síneach ansin sa ré Mhéisiliteach (25,000-8000 RC). Fuarthas iarsmaí Neoiliteacha (6000-4000 RC) i níos mó ná 100 tochailt idir Xian is Luoyang i 1921. Tochlaíodh príomhchathair rítheaghlach Shang (16ú-11ú céad RC) gar d'Anyang ó na 1930idí. I 1955 tochlaíodh adhlacthaí carbaid ó rítheaghlach Zhou (11ú-5ú céad RC). Tá cáil ar an 6,000 gardaí ceirmeacha ar thomhas nádúrtha a fuarthas i dtuama an impire Qin Shihuangdi ón 3ú céad RC i 1974. Ó thochailtí, fuarthas an-chuid eolais ar rítheaghlach Han (3ú céad RC-3ú céad AD), iarsmaí tábhachtacha Búdacha ón 5ú céad, agus réada ón tSeapáin, an Pheirs, is an Bhiosáint i dtuamaí ríoga Tang ón 8ú céad. Is féidir go bhfuil na hiarsmaí seandálaíochta ón tSín ionchurtha le hiarsmaí na hÉigipte.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Seandálaíocht na Síne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 589.