Sealap

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an sealap nó Ipomoea purga

Dreapaire ilbhliantúil le fréamhacha tiúbracha is gais bhliantúla chúplacha is ea an sealap. Na duilleoga croíchruthach nó triantánach, na bláthanna tonnadóirchruthach bándearg corcairdhearg. Dúchasach do Mheicsiceo. Tagann an t-ainm ó chathair Xalapa (Jalapa) i Meicsiceo. Táirgeann na fréamhacha roisíneacha druga purgóideach.