Xalapa
| Suíomh | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| |||||
| Stát ceannasach | Meicsiceo | ||||
| State of Mexico (en) | Veracruz | ||||
| Municipality of Mexico (en) | Xalapa Municipality (en) | ||||
| Príomhchathair de | |||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 424,755 (2010) | ||||
| • Dlús | 3,585.94 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Achar dromchla | 118.45 km² | ||||
| Airde | 1,460 m-1,396 m | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 1791 | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | 91000 | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Glaochód | 228 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | xalapa.gob.mx | ||||
Cathair in oirthear Mheicsiceo is ea Xalapa nó Jalapa. Is é Xalapa-Enríquez ainm oifigiúil na cathrach, ach Xalapa a thugtar air de ghnáth. Príomhchathair stát Veracruz atá ann. Is é an dara cathair is mó sa stát, i ndiaidh cathair Veracruz. Tá cónaí ar 424,754 duine i Xalapa.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí ceithre sráidbhaile Indiach san áit ina bhfuil Xalapa inniu, agus d'fhás siad go dtí go raibh aon bhaile amháin ann timpeall na bliana 1313 agus é sách mór. Théadh taistealaithe tríd ar a mbealach siar ón gcósta go dtí Cathair Mheicsiceo agus an t-ardchlár láir. Sa bhliain 1804, chaith Alexander von Humboldt, eolaí Gearmánach, tamall i Xalapa agus bhaist sé "Cathair na mBláthanna" (La Ciudad de las Flores) air de bharr an oiread sin bláthanna a bheith ann. Tugtar an leasainm sin ar an gcathair go dtí an lá inniu.
Xalapeño nó jalapeño a thugtar ar dhuine as cathair Xalapa. Jalapeño a thugtar fosta ar an phiobar fhada ghlas a shaothraítear sa cheantar timpeall Xalapa.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
