Seán Seosamh Ó Conchubhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Seosamh Ó Conchubhair
Beathaisnéis
Bás2 Lúnasa 2022
Gníomhaíocht
Gairmstaraí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Staraí ba ea Seán Seosamh Ó Conchubhair (a d'éag ar 2 Lúnasa 2022 agus as Cill Mhaoile ó dhúchas)[1] agus ar dhuine de chosantóirí móra an Ghaeloideachais in Éirinn.[2]

Bhí Seán Seosamh ina cheann feadhna ar an obair a bhain le Gaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí a bhunú sna 1970idí. Ba í Gaelscoil Mhic Easmainn, an chéad ghaelscoil nua a bunaíodh taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, toradh a shaothair.[3]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

A chuid scolaíochta i Scoil na mBráithre Críostaí a thug Seán Seosamh go Trá Lí ar dtús. Chruthaigh sé go maith ansin mar scoláire agus é amuigh air go raibh bua na dteangacha agus na matamaitice araon aige. Bhí scoth na Gaeilge ag Seán Seosamh ar fhágáil na meánscoile dó, buachaill a rugadh agus a fuair a chuid scolaíochta sa nGalltacht.[4]

Bhí sé ag obair mar chléireach i monarcha próiseála feola CWS i dTrá Lí agus ina dhiaidh sin le comhlacht Denny’s. Phós sé Dawn ar an 30 Nollaig 1967.  Thógadar a gceathrar clainne i bPáirc na Darach – Brian, Ruairí, Fiona and Aoife.

Ba é an duine deireanach de Choiste Cuimhneacháin Ruairí Mhic Easmainn 1966, an coiste a chinntigh gur tógadh an leacht cáiliúil do Mhac Easmainn ag Trá na Beannaí.

Sa bhliain 2000 d’fhoilsigh sé leabhar cuimsitheach faoin iománaíocht sa cheantar Cill Mhaoile, Kilmoyley to the Rescue.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Death Notice of Seán Seosamh Ó'Conchubhair" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2022-12-31.
  2. "Seán Seosamh Ó Conchubhair, staraí." (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-12-31.
  3. "Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2022…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-31.
  4. "Seán Seosamh Ó Conchubhair, duine de chosantóirí móra an Ghaeloideachais, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-31.