Sciorrárthach
Appearance
Saintréithe teicniúla | |
---|---|
Cineál | feithicil amfaibiach |
Luas | 150 km/h |
Is feithicil mara a ardaítear ar adhartán aeir é sciorrárthach.[1] Molta ag Christopher Cockerell i 1950, ach níor tógadh an chéad cheann go dtí na 1960idí. Tiomáinte ag liáin a shuítear go hingearach agus ardaithe os cionn na farraige ar adhartán aeir a sháinnítear idir dromchla an uisce is cabhail na soithí ag sciorta solúbtha neoipréine. Thosaigh an chéad seirbhís rialta sciorrárthaigh i 1962 idir Y Rhyl is Wallasey ar inbhear abhainn Dyfrdwy sa Bhreatain. In úsáid ar fud an Domhain anois i bhfoirmeacha éagsúla.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““sciorrárthach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-23.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sciorrárthach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 584.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |